An Tionól agus an Feidhmeannas

The Assembly and the Executive

An Tionól agus an Feidhmeannas

Cad é an difear idir an Tionól agus an Feidhmeannas?

Is iad an Tionól agus an Feidhmeannas na hinstitiúidí cineachta rialtais i dTuaisceart Éireann. Comhlíonann siad róil éagsúla. Is é an Tionól an reachtas cineachta, rud a chiallaíonn go ndéanann sé na dlíthe do Thuaisceart Éireann. Is é an Feidhmeannas Rialtas cineachta Thuaisceart Éireann, a ritheann Tuaisceart Éireann ó lá go lá. Soláthraíonn sé ár seirbhísí poiblí agus déanann sé dlíthe, a ritheann an Tionól, a chur i bhfeidhm.

Tá an Tionól comhdhéanta de CTRanna a thoghann na daoine lena dtuairimí a léiriú. Tagann an Tionól le chéile i Seomra Tionóil d’Fhoirgnimh na Parlaiminte ar thailte Eastát Stormont i mBéal Feirste.

Tá an Coiste Feidhmiúcháin comhdhéanta d’Airí, atá ina CTRanna agus a cheap an Tionól leis na naoi Roinn Rialtais a rith. Tá sé faoi stiúir ag an Chéad-Aire agus an leasChéad-Aire. Déanann na hAirí cinntí faoi na seirbhísí a bhíonn de dhíth orainn uile, amhail ospidéil, scoileanna, bóithre agus iompar poiblí. Cuireann siad na dlíthe a rith an Tionól i bhfeidhm. Tagann an Feidhmeannas le chéile i gCaisleán Stormont, gar d’Fhoirgnimh na Parlaiminte.

Is ó na hAirí a thagann an chuid is mó de na moltaí le haghaidh dlíthe úra (Billí) agus ‘Billí 75Feidhmiúcháin’ a thugtar orthu. Ní mór dóibh dul trí chéimeanna éagsúla de phróiseas reachtaíochta an Tionóil agus thig leis an Tionól an Bille a athrú ó thús deireadh an phróisis.

Agus Airí á gceapadh ag an Tionól, seiceálann an Tionól go bhfuil siad ag feidhmiú go maith. Tugtar ‘scrúdan’‘ air seo, nó Airí a thabhairt chun cuntais. 

Amharc ar an fhíseán le tuilleadh eolais a fháil amach faoin dóigh a n-oibríonn an Tionól agus an Feidhmeannas le chéile.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk