Éabhlóid na Déabhlóide

Why do we have an Assembly?

Éabhlóid na Déabhlóide

Cad iad na heachtraí ba chúis le cruthú Thionól Thuaisceart Éireann?

Cuireadh an Tionól ar bun i ndiaidh Chomhaontú Bhéal Feirste a aontaíodh Aoine an Chéasta, an 10 Aibreán 1998. Tugtar Comhaontú Aoine an Chéasta air fosta. Tharla an Comhaontú mar thoradh ar chainteanna idir páirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas na hÉireann. Ba mhian leo bealach a aimsiú le deireadh a chur leis ‘Na Trioblóidí’ a bhí ann ar feadh 30 bliain agus deis a thabhairt do na pobail éagsúla a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an dóigh le Tuaisceart Éireann a rialú.

Aontaíodh go mbeadh rialtas ar leith comhroinnte cumhachta ann i dTuaisceart Éireann. Ciallaíonn sin go mbeadh an chumhacht á roinnt idir na mórphobail – Aontachtaithe agus Náisiúnaithe – le cinntí a dhéanamh faoi Thuaisceart Éireann. Is ón dá phobal a tharraingeofaí Airí a bheadh i gceannas ar Ranna Rialtais. Bheadh dhá chéad-aire i dTuaisceart Éireann, Céad-Aire agus leasChéad-Aire.

I ndiaidh an Chomhaontaithe, thug Parlaimint na Ríochta Aontaithe uathu na cumhachtaí le dlíthe agus cinntí a dhéanamh faoi Thuaisceart Éireann don Tionól nua agus do Choiste Feidhmiúcháin na nAirí. Is é is déabhlóid ann, aistriú nó cineachadh na gcumhachtaí ó rialtas lárnach go rialtas réigiúnach. Is é a thugtar ar na saincheisteanna a ndéanann rialtais réigiúnacha nó ‘chineachta’ cinntí orthu náNithe Aistrithe/Déabhlóidithe.

Tá rialtas cineachta in Albain agus sa Bhreatain Bheag fosta, ach tá an córas i dTuaisceart Éireann difriúil mar gheall ar ár stair.

Fiosraigh scéal Éabhlóid na Déabhlóide le fios fátha an scéil a fháil.

 

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk