Cad é mar a Thoghann Muid CTRanna?
Tá dóigheanna difriúla ann do dhaoine lena n-ionadaithe tofa a roghnú i gcóras daonlathach.
I dtoghchán le Feisirí (MPs) a thoghadh chuig Westminster, cuireann vótálaithe ‘X’ ar an pháipéar ballóide taobh le hainm an iarrthóra ar mhaith leo ionadaíocht a dhéanamh dóibh. Bíonn an bua ag an iarrthóir leis an líon is mó Xanna agus ceaptar an duine sin ina Fheisire (MP) don toghcheantar sin. Tugtar an ‘An Chéad Duine Abhaile’ ar an chóras sin. Ní ainmneoidh páirtithe polaitíochta ach iarrthóir amháin i ngach toghcheantar.
Úsáideann vótálaithe uimhreacha le hiarrthóirí a chur in ord a rogha i dtoghcháin don Tionól: 1 don chéad rogha, 2 don dara rogha agus mar sin de. Roghnaíonn vótálaithe cúigear CTRanna in aghaidh an toghcheantair. Tugtar an tAonvóta Inaistrithe (STV) ar an chóras sin. Cé nach mbíonn ach an t-aon vóta amháin ag vótálaithe, thig leis an vóta sin cur leis an rath a bhíonn ar iarrthóirí eile.
Cuma chasta air? Amharc ar an fhíseán le míniú simplí a fháil...