Cad é mar a thoghann muid CTRanna?

Cad é mar a thoghann muid CTRanna? activity link

Toghann muintir Thuaisceart Éireann 90 CTR chuig Tionól Thuaisceart Éireann.

Caithfidh tú a bheith 18 le vótáil i dtoghchán. Déantar 18 gceantar de Thuaisceart Éireann nuair a bhíonn toghchán ann. Toghcheantair a thugtar ar na ceantair sin.

Toghtar cúig CTR i ngach toghcheantar.

Tugtar córas an Aonvóta Inaistrithe ar an chóras atá ann le CTRanna a thoghadh. Tá sé furasta ag vótálaithe córas an aonvóta inaistrithe a úsáid. Cuireann vótálaithe uimhreacha ar an pháipéar ballóide taobh le hainmneacha na n-iarrthóirí is fearr leo. Cuireann siad 1 taobh leis an iarrthóir is fearr leo, 2 taobh leis an dara hiarrthóir is fearr leo agus mar sin de. Toghtar an chéad seisear iarrthóirí a fhaigheann sprioclíon vótaí.

Amharc ar an fhíseán le míniú simplí a fháil ar an dóigh a n-oibríonn sé seo go léir.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk