Cad chuige a bhfuil an Tionól againn?

Éabhlóid na Déabhlóide activity link

Cad iad na himeachtaí a bhfuil baint acu le scéal Thuaisceart Éireann agus An Tionól?

Cuireadh an Tionól ar bun i ndiaidh Comhaontú Bhéal Feirste a aontaíodh ar Aoine an Chéasta, 10 Aibreán 1998. Tugtar Comhaontú Aoine an Chéasta air seo fosta. Bhí sé seo mar thoradh ar chainteanna idir páirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas na hÉireann.

Bhí sé mar aidhm ag na cainteanna bealach a aimsiú le deireadh a chur leis ‘Na Trioblóidí’ a bhí ann le 30 bliain anuas agus a dhéanamh cinnte de go mbeadh an deis ag pobail dhifriúla a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an dóigh le Tuaisceart Éireann a rialú as sin amach.

Mar gheall ar 'Na Trioblóidí' aontaíodh go mbeadh rialtas ar leith ann i dTuaisceart Éireann. Cuirtear comhroinnt cumhachta ar an chineál seo rialtais. Tá an chumhacht le cinntí a dhéanamh faoi Thuaisceart Éireann á roinnt ag páirtithe polaitíochta a dhéanann ionadaíocht do ghrúpaí éagsúla sa phobal. Mar shampla, bíonn post an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire á roinnt idir an páirtí Náisiúnaithe is mó agus an páirtí Aontachtaí is mó.

Fiosraigh an Amlíne lena fháil amach cad chuige ar cuireadh Tionól Thuaisceart Éireann ar bun in 1998.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk