Obair CTR
Ceann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá ag CTR ná bheith ag déanamh dlíthe, nó reachtaíochta. Bíonn CTRanna ag plé Billí i Seomra an Tionóil agus ag caitheamh vóta ar iad a rith nó gan iad a rith.
Bíonn CTRanna ag obair fosta ina bhfoirne beaga, nó Coistí, le mionscrúdú a dhéanamh ar na Billí. Téann siad i gcomhairle le saineolaithe agus leis an phobal faoina dtuairimí. B’fhéidir go molfadh coistí athruithe, ar a dtugtar leasuithe, leis na Billí a fheabhsú. Bíonn coistí i mbun fiosrúchán fosta ar shaincheisteanna a bhaineann le daoine i dTuaisceart Éireann.
Ceapann na páirtithe is mó sa Tionól CTRanna mar Airí le Ranna Rialtais a bhainistiú. Ról tábhachtach eile a bhíonn ag CTR ná obair na nAirí agus na Ranna Rialtais a chuireann ár gcuid seirbhísí poiblí ar fáil dúinn a iniúchadh. Molann siad beartais ansin leis na seirbhísí sin a fheabhsú. Tugann CTRanna Airí chun cuntais trína gcuid oibre i gCoistí agus trí Cheisteanna Scríofa agus Ceisteanna ó Bhéal a chur ag Tráth na gCeisteanna sa tSeomra. Cuireann siad béim ar shaincheisteanna i ndíospóireachtaí fosta a mheasann siad ar cheart d’Airí a bheith ag smaoineamh orthu agus rud éigin a dhéanamh fúthu.
Bíonn ar CTRanna obair a dhéanamh ina dtoghcheantair féin fosta. Is é an ról atá acu ionadaíocht a dhéanamh do na daoine atá ina gcónaí ansin, trí éisteacht lena gcuid tuairimí agus trí chuidiú leo a gcuid fadhbanna a réiteach.
Seas isteach i ról CTR agus tabhair faoi na gníomhaíochtaí seo: