Cé hiad na CTRanna?

 Cé hiad na CTRanna? activity link

Cén toghcheantar a bhfuil tú i do chónaí ann agus cé hiad do CTRanna?

Toghadh muintir Thuaisceart Éireann CTRanna le ionadaíocht a dhéanamh dóibh sa Tionól. Déanann gach CTR ionadaíocht do limistéar áirithe geografach de Thuaisceart Éireann ar a dtugtar toghcheantar. I toghcháin an Tionóil, bíonn 18 dtoghcheantar ag toghadh cúigear CTRanna an ceann, arb ionann é agus 90 CTR san iomlán.

Caitheann daoine vótáil do na iarrthóir(í) a shíleann siad a bheidh maith mar CTRanna. An chuid is mó de na CTRanna, baineann siad le ceann de na páirtithe polaitíochta. Roimh an toghchán, táirgeann gach páirtí forógra a insíonn do vótálaithe cad é a chreideann sé agus cad é atá ar intinn aige a dhéanamh má thoghtar é.

Is féidir leat vótáil i dtoghcháin agus seasamh mar iarrthóir agus tú 18.

Is iad seo torthaí an toghcháin dheireanaigh don Tionól ar 5 Márta 2022:

PartySeats
Sinn Féin (SF)27
An Páirtí Daonlathach Aontachtach (DUP)25
Páirtí an Chomhaontais17
Páirtí Aontachtach Uladh (UUP)9
Páirtí Sóisialach Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP)8
An Comhaontas Pobal seachas Brabús1
Guth Traidisiúnta Aontachtach (TUV)1
Neamhspleách (nach comhalta de pháirtí ar bith)2

Cé a roghnaigh na vótálaithe i do thoghcheantar le hionadaíocht a dhéanamh dóibh – agus cé a roghnófá?

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk