Obair CTR

Bain triail as deileáil le do thoghthóirí activity link
Activity: Question Time activity link

Bíonn seachtain ghnóthach ag CTR! An dtig leat am a fháil i do dhialann leis na rudaí seo uilig a dhéanamh?

Ceann de na róil is tábhachtaí atá ag CTR ná a bheith ag obair ar dlíthe, nó reachtaíocht nua. Bíonn CTRanna ag plé moltaí do dhlíthe nua, ar a dtugtar billí i cruinnithe iomlánacha i Seomra an Tionóil agus ag caitheamh vóta ar iad a rith nó gan iad a rith. Is é an Ceann Comhairle a dhéanann cathaoirleacht ar na cruinnithe seo.

Bíonn siad ag obair fosta i bhfoirne beaga, ar a dtugtar Coistí, mar a ndéantar na Billí a scrúdú go mion, déantar comhairliú le saineolaithe agus leis an pobal faoina gcuid dearcthaí. B’fhéidir go molfadh coistí athruithe, ar a dtugtar Leasuithe, leis na Billí a fheabhsú.

Roghnaíonn na páirtithe is mó sa Tionól Airí le dul i mbun na Ranna Rialtais. Tá siad freagrach as cinntiú go bhfuil na Seirbhísí Poiblí againn atá de dhíth orainn, amhail cúram sláinte agus oideachas. Is iad na hAirí agus an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire le chéile a fhoirmíonn an Coiste Feidhmeannach/Feidhmeannas. Cuid thábhachtach eile d’obair an CTR ná obair na nAirí a sheiceáil lena chinntiú go bhfuil obair mhaith á déanamh acu. Tugtar ‘iad a choimeád cuntasach’ air seo.

Bíonn ar CTRanna obair a dhéanamh ina toghcheantar féin fosta. Is é an ról atá acu ionadaíocht a dhéanamh do na daoine atá ina gcónaí ansin, trí éisteacht lena gcuid tuairimí agus trí chuidiú leo a gcuid fadhbanna a réiteach.

Táthar díreach i ndiaidh tú a thoghadh mar CTR. Bain triail as deileáil le do thoghthóirí

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk