An Tionól agus an Feidhmeannas
Cad é an difear idir an Tionól agus an Feidhmeannas?
Is iad an Tionól agus an Feidhmeannas na hinstitiúidí cineachta rialtais i dTuaisceart Éireann. Comhlíonann siad róil éagsúla. Is é an Tionól an reachtas cineachta, rud a chiallaíonn go ndéanann sé na dlíthe do Thuaisceart Éireann. Is é an Feidhmeannas Rialtas cineachta Thuaisceart Éireann, a ritheann Tuaisceart Éireann ó lá go lá. Soláthraíonn sé ár seirbhísí poiblí agus déanann sé dlíthe, a ritheann an Tionól, a chur i bhfeidhm.
Tá an Tionól comhdhéanta de CTRanna a thoghann na daoine lena dtuairimí a léiriú. Tagann an Tionól le chéile i Seomra Tionóil d’Fhoirgnimh na Parlaiminte ar thailte Eastát Stormont i mBéal Feirste.
Tá an Coiste Feidhmiúcháin comhdhéanta d’Airí, atá ina CTRanna agus a cheap an Tionól leis na naoi Roinn Rialtais a rith. Tá sé faoi stiúir ag an Chéad-Aire agus an leasChéad-Aire. Déanann na hAirí cinntí faoi na seirbhísí a bhíonn de dhíth orainn uile, amhail ospidéil, scoileanna, bóithre agus iompar poiblí. Cuireann siad na dlíthe a rith an Tionól i bhfeidhm. Tagann an Feidhmeannas le chéile i gCaisleán Stormont, gar d’Fhoirgnimh na Parlaiminte.
Is ó na hAirí a thagann an chuid is mó de na moltaí le haghaidh dlíthe úra (Billí) agus ‘Billí 75Feidhmiúcháin’ a thugtar orthu. Ní mór dóibh dul trí chéimeanna éagsúla de phróiseas reachtaíochta an Tionóil agus thig leis an Tionól an Bille a athrú ó thús deireadh an phróisis.
Agus Airí á gceapadh ag an Tionól, seiceálann an Tionól go bhfuil siad ag feidhmiú go maith. Tugtar ‘scrúdan’‘ air seo, nó Airí a thabhairt chun cuntais.
Amharc ar an fhíseán le tuilleadh eolais a fháil amach faoin dóigh a n-oibríonn an Tionól agus an Feidhmeannas le chéile.