Polasaí Príobháideachais

Léirítear thíos an tiomantas atá ag Seirbhís Oideachais Thionól TÉ maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Míníonn an Polasaí Príobháideachais seo cad é a tharlaíonn do shonraí pearsanta ar bith a chuireann tú ar fáil dúinn nó a bhailíonn muid uait nuair a thugann tú cuairt ar an tsuíomh gréasáin seo.

An tAcht um Chosaint Sonraí

Coinneofar slán faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil agustá dualgas dlíthiúil ar Sheirbhís Oideachais Thionól TÉ, de réir an Achta um Chosaint Sonraí, faisnéis ar bith a bhailítear uait a chosaint.

Faisnéis a bhailíonn muid

Is féidir go ndéanfaidh muid na sonraí seo a leanas a bhaineann leat a bhailiú agus a phróiseáil agus an suíomh seo á reáchtáil agus á chothabháil againn:

  • faisnéis a thugann tú nuair a dhéanann tú cumarsáid linn (má sheolann tú ríomhphost chugainn, mar shampla);
  • faisnéis a thugann tú nuair a chomhlánaíonn tú suirbhé ar líne; agus/nó
  • faisnéis ghinearálta faoin úsáid a bhaineann tú as an tsuíomh seo; baintear feidhm as fianáin agus as teicnící clibeála leathanach, JavaScript san áireamh, chuige sin.

Úsáid fianán

Is féidir go mbainfidh muid úsáid as fianáin le faisnéis a bhailiú faoin úsáid ghinearálta a bhaineann tú as an tsuíomh. Thig leat níos mó a léamh anseo faoi cad is fianáin ann, an dóigh a mbaineann muid úsáid astu agus an dóigh a dtig leat fianáin a bhainistiú ar do ríomhaire.

Teacht chuig Suíomh Gréasáin Sheirbhís Oideachais TÉ ó shuíomh eile

Nuair a sheoltar chuig suíomh gréasáin Sheirbhís Oideachais Thionól TÉ thú ó shuíomhanna eile, is féidir go bhfaighidh Seirbhís Oideachais Thionól TÉ faisnéis phearsanta a bhaineann leat ó na suíomhanna sin. Ba chóir duit polasaithe príobháideachais na suíomhanna sin a léamh mar rialóidh sin an úsáid a bhainfear as faisnéis phearsanta ar bith a thabharfaidh tú agus a chuirfear ar fáil ina dhiaidh sin do Sheirbhís Oideachais Thionól TÉ.

Nascadh le suíomh eile

Ní chuirfear faisnéis phearsanta ar bith a thugann tú do Sheirbhís Oideachais Thionól TÉ ar aghaidh chuig suíomh ar bith eile. Ach tá naisc ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Oideachais Thionól TÉ a thugann rogha duit dul chuig suíomhanna eile agus caithfidh tú cuimhneamh nach mbaineann an Polasaí Príobháideachais seo ach le suíomh gréasáin Sheirbhís Oideachais Thionól TÉ. Ba chóir duit ráiteas príobháideachais suíomhannaeile a léamh chomh maith.

Mar a chaitheann Seirbhís Oideachais Thionól TÉ leis an fhaisnéis a bhailíonn sí

Is féidir go mbainfidh Seirbhís Oideachais Thionól TÉ úsáid as do chuid faisnéise pearsanta:

  • le heolas a iarrann tú orainn faoinár gcuid táirgí nó seirbhísí a sholáthar duit;
  • le heolas a sholáthar duit faoi tháirgí eile a bhféadfadh suim a bheith agat iontu (ach tú cead a thabhairt go gcuirfí a leithéid sin d’eolas breise chugat);
  • le tú a chur ar an eolas faoi athruithe a bhaineann lenár suíomh gréasáin, le seirbhísí nó earraí nó táirgí; agus/nó
  • le hanailís a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Oideachais Thionól TÉ agus le feabhas a chur orthu

Teagmháil

Gabh i dteagmháil linn am ar bith faoi aon cheist a bhaineann leis an Pholasaí Príobháideachais seo.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk