Taobh Istigh d’Fhoirgnimh na Parlaiminte
Tá fáilte romhat go dtí Foirgnimh na Parlaiminte, baile An Tionól ó 1998.
Tá Foirgnimh na Parlaiminte lonnaithe ar Eastát Stormont in Oirthear Bhéal Feirste. Tá fáilte roimh gach duine cuairt a thabhairt ar an pháirc phoiblí agus ar Fhoirgnimh na Parlaiminte. Is féidir leat an Tionól a fheiceáil i mbun a chuid oibre, ó Luan go Déardaoin, agus bíonn turais phoiblí ar fáil gach lá. Ina áit sin, gabh ar ár dturas ar líne le féachaint thart ar an áit a ndéanann CTRanna dlíthe, díospóireacht ar shaincheisteanna atá ina n-ábhair bhuartha ag muintir Thuaisceart Éireann agus mar a gcinntíonn siad go ndéanann Airí atá i gceannas ar Ranna Rialtais jab maith.