Gluais Bhlianta 11-12

Ábhair an Lae

Is féidir le CTR iarratas foirmiúil a dhéanamh leis an Cheann Comhairle ar ráiteas a dhéanamh leis an Tionól ar ábhar a bhfuil leas agus tábhacht eisceachtúil don phobal i gceist leis agus a théann i bhfeidhm ar mhuintir Thuaisceart Éireann, ábhar a tháinig chun tosaigh ó cuireadh an Tionól ar athlá go deireanach. De ghnáth, ní mór an t-iarratas a dhéanamh roimh 9.30 am ar an lá suí ábhartha.

Ábhair Chomhbhuartha

An áit a dtig le hábhar a bheith ina chúis bhuartha ag 2 choiste nó níos mó, is féidir déileáil leis ar 3 dhóigh: trí aontú gur chóir do choiste amháin freagracht a ghlacadh as, agus dearcadh na gcoistí eile a cheadú fosta; trí choistí a bheith ag suí go comhuaineach – le chéile - lena machnamh a dhéanamh ar fhianaise i bpáirt lena chéile agus ansin tuarascáil a chur ar fáil don Tionól; nó trí Chomhchoiste ad hoc a bhunú, le comhaltaí ó na coistí lena mbaineann, agus na comhaltaí sin cathaoirleach agus leas-chathaoirleach dá gcuid féin a cheapadh.

Achainí Phoiblí

Achainí lena n-iarrtar ar an rialtas gníomhú ar shaincheist ar leith, agus í sínithe ag a lán ball den phobal. CTR a chuireann an Achainí faoi bhráid an Tionóil. Is é an cleachtas go ndéarfaidh an Comhalta cúpla focal tosaigh faoi ábhar na hachainí agus faoi líon na ndaoine a shínigh í sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Cheann Comhairle go foirmiúil í. Ansin, déanfaidh an Ceann Comhairle socruithe leis an achainí a chur ar aghaidh chuig an Aire lena mbaineann agus déanfar í a chóipeáil do Chathaoirleach an choiste reachtúil ábhartha. De ghnáth, tabharfaidh an tAire freagra  ar Chomhaltaí nó ar an Cheann Comhairle am éigin ina dhiaidh sin agus tabharfaidh sé nó sí cur síos ar an méid atá á dhéanamh ar an tsaincheist.

Acht

Nuair a théann Bille trí gach céim den phróiseas reachtóireachta sa Tionól agus nuair a fhaigheann sé faomhadh ón Mhonarc - ar a dtugtar Aontú an Rí - déantar dlí de agus tugtar Acht air.

Aire

Ceannairí ar Ranna Rialtais, mar shampla an Roinn Airgeadais agus an Roinn Oideachais. Bíonn siad ar an Choiste Feidhmiúcháin leis an Chéad-Aire agus an leasChéad-Aire. Bíonn Airí freagrach don Tionól agus cinntítear é sin trí fhaireachán a dhéanamh ar a gcuid oibre lena dheimhniú go bhfuil siad ag obair mar is ceart.

An Chéad-Aire agus an leasChéad-Aire

Roghnaíonn an páirtí is mó sa Tionól an Chéad-Aire, agus roghnaíonn an páirtí is mó ar an taobh eile den phobal, aontachtach nó náisiúnach, an LeasChéad-Aire. Tá an chumhacht chéanna ag an dá pháirtí agus tá siad i gceannas ar Thionól Thuaisceart Éireann i gcomhpháirt.

An Chéad Duine Abhaile

An modh a úsáidtear le Feisirí a thoghadh chuig Parlaimint na Ríochta Aontaithe. Ní thoghtar ach iarrthóir amháin

i ngach toghcheantar. Cuireann vótálaithe ‘X’ taobh le hainm an iarrthóra is fearr leo. Ceaptar an t-iarrthóir leis an líon is mó ‘Xanna’ mar Fheisire don toghcheantar sin.

An tAire Airgeadais

An duine a cheaptar le bainisteoireacht a dhéanamh ar an airgead atá ag an rialtas le caitheamh.

An tAontas Eorpach

Grúpa tíortha a chomhaontaigh teacht le chéile le rathúnas agus dea-chaidreamh a chur chun cinn idir tíortha na hEorpa.

An Tionól

Tionól Thuaisceart Éireann.

Aontachtaí

Duine ar mian leis nó léi Tuaisceart Éireann fanacht sa Ríocht Aontaithe.

Aonvóta Inaistrithe (STV)

An cineál córais toghcháin a úsáideann muid i dTuaisceart Éireann faoi choinne toghcháin Tionóil, toghcháin Pharlaimint na hEorpa agus toghcháin comhairlí áitiúla. Rangaítear iarrthóirí in ord tosaíochta (1,2,3, ...). Amharc ar ár mbeochan a thugann míniú ar an dóigh a n-oibríonn sé.

Beartais

Moltaí do sheirbhísí poiblí, amhail oideachas agus cúram sláinte. Cuireann páirtithe polaitíochta a gcuid beartas in iúl ina bhforógra toghcháin. Déanann Ranna agus Airí Rialtais beartais chomh maith agus cuireann siad i bhfeidhm iad.

Bille

Togra le haghaidh dlí úr. Caithfidh an Tionól gach Bille a rith sula ndéanfar dlíthe de. Acht a thugtar ar Bhille i ndiaidh a rite.

Buiséad

Plean ina dtaispeántar an méid airgid a bheidh ar fáil agus an dóigh a ndéanfar é a chaitheamh.

Cánacha

Airgead a chaithfidh na daoine i dtír a íoc leis an Rialtas agus lenar féidir seirbhísí poiblí a chur ar fáil, amhail cúram sláinte agus oideachas.

Ceann Comhairle

Toghann CTRanna Ceann Comhairle le bheith ina chathaoirleach ar chruinnithe i Seomra an Tionóil. Bíonn an Ceann Comhairle ina chathaoirleach fosta ar an Choiste Gnó, a shocraíonn an clár do chruinnithe, agus Coimisiún an Tionóil, atá i gceannas ar an Tionól a reáchtáil.

Céimeanna

Céimeanna sa phróiseas reachtóireachta. Sa Tionól, caithfidh Bille dul trí sheacht gcéim sula ndéantar Acht (dlí) de.

Ceisteanna ó Bhéal

Cuireann CTRanna na ceisteanna seo ar Airí, agus tugann Airí freagra orthu le linn Tráth na gCeisteanna i Seomra an Tionóil.

Ceisteanna Scríofa

Ceisteanna a chuireann CTRanna ar Airí, agus a dtugtar freagra scríofa orthu.

Clár na dToghthóirí

Ní mór d’ainm a bheith ar an liosta seo le vóta a chaitheamh. Níl cead vótála agat go dtí go bhfuil tú 18 mbliana d’aois, ach thig leat d’ainm a chur ar an liosta agus tú 17 mbliana d’aois.

Coiste Comhthráthach

Coistí a thagann i gceann a chéile le saincheist atá ina hÁbhar Comhbhuartha a phlé.

Coiste Feidhmiúcháin

An t-ainm a thugtar ar ghrúpa Airí atá i gceannas ar Ranna Rialtais mar aon leis an Chéad-Aire agus an leasChéad-Aire. Tugtar ‘an Feidhmeannas’ air fosta, agus cuireann an Coiste plean gníomhaíochta agus buiséad le chéile don rialtas. Ansin, bíonn ar an Tionól aontú faoin dá rud sin.

Coistí

Grúpaí beaga ina bhfuil 9 CTR a bhfuil speisialtóireacht acu i réimse áirithe oibre, mar shampla an timpeallacht nó an geilleagar. Déanann siad mionscrúdú ar thograí faoi choinne dlíthe (Billí) nua agus déanann siad faireachán ar Ranna Rialtais agus ar Airí.

Comhairleoir

Toghtar comhairleoirí i do chathair/cheantar le bheith ar chomhairle áitiúil. Cuireann an chomhairle réimse seirbhísí ar fáil sa phobal, amhail ionaid fóillíochta agus ionaid athchúrsála.

Comhairlí Áitiúla/Comhairlí Cathrach agus Ceantair

Cuireann Comhairlí Cathrach agus Ceantair i dTuaisceart Éireann réimse seirbhísí ar fáil dúinn inár bpobal áitiúil, lena n-áirítear bailiú dramhaíola agus athchúrsáil, ionaid fóillíochta agus páirceanna. Cuireann siad an turasóireacht agus an gnó chun cinn fosta, agus tugann siad cead pleanála maidir le tionscadail tógála. Toghann muid Comhairleoirí leis an obair sin a dhéanamh.

Comhairlí Cathrach agus Ceantair/Comhairlí Áitiúla

Cuireann Comhairlí Cathrach agus Ceantair i dTuaisceart Éireann réimse seirbhísí ar fáil dúinn inár bpobal áitiúil, lena n-áirítear bailiú dramhaíola agus athchúrsáil, ionaid fóillíochta agus páirceanna. Cuireann siad an turasóireacht agus an gnó chun cinn fosta, agus tugann siad cead pleanála maidir le tionscadail tógála. Toghann muid Comhairleoirí leis an obair sin a dhéanamh.

Comhalta den Tionól Reachtach (CTR)

Toghann muintir Thuaisceart Éireann Comhaltaí den Tionól Reachtach le hionadaíocht a dhéanamh dá dtuairimí agus le Dlíthe a dhéanamh ar a son.

Comhaontú an Túis Úir

Rinneadh an comhaontú seo i mí na Samhna 2015. Bhí sé de dhíth cionn is nárbh fhéidir an chuid de Chomhaontú Theach Stormont a bhain le hathchóiriú an chórais leasa a chur i bhfeidhm agus mar gheall ar imní na n-aontachtaithe faoi stádas an IRA. Is de dheasca na himní sin a tarraingíodh Airí ón UUP agus ón DUP amach as an Fheidhmeannas. Aontaíodh gur chóir do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe reachtaíocht ar athchóiriú an chórais leasa a rith; comhlacht a chur ar bun le tuairisciú ar ghníomhaíocht pharaimíleata; agus gur chóir an chuid eile de Chomhaontú Theach Stormont a chur i bhfeidhm.

Comhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste

Comhaontú síochána Thuaisceart Éireann idir Rialtais na Breataine agus na hÉireann a rinneadh in 1998, ar thacaigh an chuid is mó de na páirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann leis. Bhí rialtas nua cumhachtroinnte ann ina raibh aontachtaithe agus náisiúnaithe araon mar thoradh ar an chomhaontú. Tugtar ‘Comhaontú Aoine an Chéasta’ air go minic mar go ndearnadh an chomhaontú an lá sin, 10 Aibreán, 1998.

Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta

Comhaontú síochána Thuaisceart Éireann idir Rialtais na Breataine agus na hÉireann a rinneadh in 1998, ar thacaigh an chuid is mó de na páirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann leis. Bhí rialtas nua cumhachtroinnte ann ina raibh aontachtaithe agus náisiúnaithe araon mar thoradh ar an chomhaontú. Tugtar ‘Comhaontú Aoine an Chéasta’ air go minic mar go ndearnadh an comhaontú an lá sin, 10 Aibreán, 1998.

Comhaontú Theach Stormont

Rinneadh seo an 23 Nollaig 2014 le heasaontais faoi athchóiriú an chórais leasa, bratacha, paráidí agus déileáil leis na seanchairteacha a réiteach. Bhí airgead breise ó Rialtas na Ríochta Aontaithe (£500m) le bheith ann le tionchar athchóiriú an chórais leasa a mhaolú; bhíothas le gníomh a dhéanamh le déileáil leis na seanchairteacha; bhíothas leis an cháin chorparáideach agus paráidí a chineachadh; bhí foráil maidir le Freasúra Oifigiúil le déanamh; bhí bearta úra le cur le héifeachtacht an Fheidhmeannais le bheith ann; bhí laghdú ar líon na ranna rialtais ó 12 go 9, i ndiaidh thoghchán 2016, agus ar líon na CTRanna ó 108 go 90 sa toghchán ina dhiaidh sin le bheith ann; bhíothas le hathbhreithniú a dhéanamh ar Achainí ar Bhonn Ábhar Buartha; bhíothas le comhaontú ar dhréachtChlár Rialtais taobh istigh de 2 sheachtain ó chéad chruinniú an Tionóil i ndiaidh toghcháin (in áit 1 seachtain); bhí coimisiún nua le bheith ann le machnamh a dhéanamh ar bhratacha, féiniúlacht, cultúr agus traidisiún; bhí rialtas na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann le cur leis an urraim don éagsúlacht teanga. Theip ar an chomhaontú ar athchóiriú an chórais leasa agus bhí comhaontú breise de dhíth. Amharc ar Fresh Start Agreement (Comhaontú an Túis Úir).

Cruinnithe Iomlánacha

Cruinnithe a bhíonn i Seomra an Tionóil ar an Luan agus ar an Mháirt ar féidir le gach CTR freastal orthu. Déanann siad díospóireacht, caitheann siad vótaí ar shaincheisteanna agus ar reachtaíocht, agus cuireann siad ceisteanna ar Airí ag na cruinnithe sin.

Cumhachtroinnt

Samhail rialtais ina ndéanann Polaiteoirí, a dhéanann ionadaíocht do phobail éagsúla, an chumhacht a roinnt. Ciallaíonn sin go bhfuil Airí san Fheidhmeannas ag níos mó ná páirtí amháin agus ní mór ionadaíocht a bheith ag an phobal

aontachtach agus náisiúnach araon ann.

Cur ar athló

Nuair a chuirtear cruinniú ar fionraí go dtí an chéad uair eile.

Daonlathach

Is den daonlathas é toghcháin shaora chothroma agus saoirse cainte a bheith ann.

Daonlathas

Cineál rialtais a roghnaíonn na daoine i dtoghcháin shaora chothroma. Mura bhfuil na daoine sásta lena n-ionadaithe tofa, thig leo rogha a dhéanamh gan vóta a chaitheamh dóibh sa chéad toghchán eile. Spreagann an daonlathas daoine le bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta. Tugann sé cead fosta do dhaoine agus don phreas an rialtas a cháineadh.

Déabhlóid/cineachadh

Is é is déabhlóid ann, aistriú na gcumhachtaí ó rialtas náisiúnta go rialtas réigiúnach. Thug Parlaimint na Ríochta Aontaithe cumhacht do Thionól Thuaisceart Éireann agus don Fheidhmeannas le dlíthe agus cinntí faoina réigiún féin a dhéanamh.

Díospóireacht

Sraith óráidí i Seomra an Tionóil. Cuireann CTRanna dá thaobh an ábhair faoi chaibidil. Bíonn an t-ábhar díospóireachta i bhfoirm ráitis darb ainm rún. I ndiaidh an chuid is mó de na díospóireachtaí, caitheann CTRanna vótaí ar cé acu a thacaíonn siad nó nach dtacaíonn siad leis an ráiteas.

Dlíthe

Rialacha lena leagtar síos an rud is ceadmhach agus nach ceadmhach a dhéanamh. Bíonn siad riachtanach lena chinntiú go mbíonn an tsochaí ag feidhmiú mar is ceart. Is focal eile í reachtaíocht ar dhlí, nó dlíthe.

Dréacht

Plean tosaigh nach bhfuil faofa go fóill.

Eacnamaíoch

A bhaineann leis an gheilleagar - trádáil, tionsclaíocht agus airgead.

Feisire (Parlaiminte) (MP)

Toghtar comhaltaí Pharlaimint na Ríochta Aontaithe chuig Teach na dTeachtaí in Westminster. Déanann siad dlíthe a théann i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe ina hiomláine. Toghtar MP amháin ó gach ceann de na 18 dtoghcheantar i dTuaisceart Éireann.  Tá 650 MP ann san iomlán.

Fiosrúcháin

Imscrúduithe a dhéanann Coistí Tionóil ar fhadhbanna nó ar shaincheisteanna a bhaineann le pobal Thuaisceart Éireann. Tuairiscíonn na coistí a gcuid cinntí don Tionól agus molann siad bealaí leis an dóigh a bpléitear leis na saincheisteanna amach anseo a fheabhsú.

Foirgnimh na Parlaiminte

An áit a bhfuil Tionól Thuaisceart Éireann lonnaithe. Tá siad lonnaithe ar Eastát Stormont i mBéal Feirste.

Forógra

Cáipéis a chruthaíonn páirtí polaitíochta roimh thoghchán. Mínítear inti tuairimí an pháirtí agus a bhfuil beartaithe aige a dhéanamh má thoghtar a iarrthóirí chuig an rialtas.

Freasúra Neamhoifigiúil

Páirtithe agus CTRanna neamhspleácha sa Tionól nach bhfuil go leor CTRanna acu le  ballraíocht a bheith acu sa Choiste Feidhmiúcháin faoi d’Hondt.

Freasúra Oifigiúil

Ó Bhealtaine 2016, páirtithe atá i dteideal, faoi d’Hondt, Aire nó Airí a bheith acu ar an Choiste Feidhmiúcháin, tá cead acu roghnú gan dul isteach ann agus Freasúra Oifigiúil a chur ar bun. Tá an Freasúra Oifigiúil i dteideal taighde a dhéanamh agus cuidiú airgeadais a fháil, tá cearta breise cainte agus ceistithe acu i gcruinnithe iomlánacha agus tá an ceart acu cinneadh a dhéanamh ar ghnó an Tionóil ar 10 lá iomlánacha sa bhliain. Páirtithe beaga eile nach bhfuil ar an Choiste Feidhmiúcháin, déanann siadsan ról de ‘fhreasúra neamhoifigiúil’.

Iarrthóir

Duine atá ag seasamh i dtoghchán.

Iniúch

Mionscrúdú a dhéanamh go cúramach agus faireachán a dhéanamh go géar

Iniúchadh/scrúdan

Mionscrúdú agus faireachán a dhéanamh go géar ar ábhar éigin. Bíonn gach togra le haghaidh dlíthe úra (Billí) agus gach gníomh Airí agus a gcuid Ranna á n-iniúchadh ag an Tionól.

Ionadaíocht a dhéanamh

Gníomhú ar son duine éigin eile. Tá daonlathas ionadaíoch againn sa lá atá inniu ann, rud a chiallaíonn go ndéanann muid daoine a thoghadh

lenár gcuid tuairimí a chur in iúl agus le dlíthe agus cinntí a dhéanamh ar ár son. Déanann CTRanna ionadaíocht dá gcuid toghthóirí - na daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar inar toghadh iad.

Ionadaithe Tofa

Cé go bhfuil daonlathas againn sa lá atá inniu ann, ní thig linn uilig a bheith páirteach i ngach cinneadh dá ndéanann rialtas. Mar sin de, toghann muid ionadaithe lenár dtuairim a chur san áireamh agus le cinntí a dhéanamh ar ár son. Is daonlathas ionadaíoch é an cineál sin rialtais.

Leasuithe

Thig le hAirí, Coistí agus CTRanna athruithe ar Bhille, darb ainm ‘leasuithe’, a mholadh, a chuirfidh feabhas air dar leo. Déantar díospóireacht fúthu i Seomra an Tionóil. Ansin, caitheann CTRanna vóta ar cé acu ba chóir dóibh nó nár chóir dóibh an Bille a leasú.

Náisiúnaí

Duine ar mian leis Tuaisceart Éireann a bheith athaontaithe le Poblacht na hÉireann.

Na Trioblóidí

An tréimhse foréigin i dTuaisceart Éireann a thosaigh ag deireadh na 1960idí agus a chríochnaigh le Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta in 1998.

Nithe Aistrithe/Déabhlóidithe

Thug Parlaimint na Riochta Aontaithe cumhacht do Thionól Thuaisceart Éireann le cinntí faoi réimse áirithe rialtais a dhéanamh, amhail talmhaíocht agus iompar poiblí. Tugtar nithe ‘déabhlóidithe’ nó ‘aistrithe’ ar na réimsí sin.

Nithe Déabhlóidithe/Aistrithe

Thug Parlaimint na Ríochta Aontaithe cumhacht do Thionól Thuaisceart Éireann le cinntí faoi réimse áirithe rialtais a dhéanamh, amhail talmhaíocht agus iompar poiblí. Tugtar nithe ‘déabhlóidithe’ nó ‘aistrithe’ ar na réimsí sin.

Nithe Eiscthe

Nithe nár aistrigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe go Tionól Thuaisceart Éireann, amhail cosaint agus cáin ioncaim. Is iad Parlaimint agus Rialtas na Ríochta Aontaithe i Londain a dhéanfaidh na cinntí sna réimsí sin go fóill.

Nithe Forchoimeádta

Réimsí rialtais atá faoi chúram Pharlaimint na Ríochta Aontaithe i láthair na huaire ach thiocfadh leis go n-aistreofaí chuig an Tionól amach anseo iad. Bhí cumhachtaí póilíneachta agus ceartais ar an liosta seo go dtí gur cineachadh in Aibreán 2010 iad.

Páipéar Ballóide

Seo an píosa páipéir a úsáideann daoine le vóta a chaitheamh i dtoghchán. Tá ainmneacha na n-iarrthóirí (agus/nó páirtithe polaitíochta) air ina liosta. I dtoghchán Tionóil, úsáideann vótálaithe uimhreacha le hiarrthóirí a chur in ord a rogha: 1, 2, 3, srl.

Parlaimint na hEorpa

Toghann daoine i tíortha an Aontais Eorpaigh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa – FPEnna – le dlíthe a dhéanamh, dlíthe nach mór do gach ballstát a chomhlíonadh. 

Páirtí Polaitíochta

Grúpa daoine atá ar aon tuairim faoin dóigh ar chóir tír/réigiún a reáchtáil. Déanann Páirtithe Polaitíochta iarracht comhaltaí a thoghadh chuig an rialtas le go mbeidh an chumhacht is mó is féidir acu le tionchar a imirt ar chinntí agus ar dhlíthe.

Parlaimint na Ríochta Aontaithe

Tá Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí ann. Tagann sé le chéile in Westminster, Londain. Déanann Parlaimint na Ríochta Aontaithe dlíthe ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe ina hiomláine.

Polaiteoirí

Daoine a toghadh nó atá ag iarraidh a bheith tofa chuig an rialtas.

Ranna Rialtais

Tá an tAire atá i gceannas ar na Ranna Rialtais freagrach as réimse ar leith nó as réimsí rialtais. Cinntíonn siad seachadadh go ndéantar seirbhísí poiblí a chur ar fáil, amhail bóithre agus ospidéil, agus cur i bhfeidhm na ndlíthe a ritear sa Tionól.

Reachtach

Ciallaíonn reachtach ‘bainteach leis an dlí’. Déanann foras reachtach dlíthe.

Reachtaíocht

Focal eile ar dhlí nó dlíthe. Is Tionól reachtaíochta é an Tionól, rud a chiallaíonn go ndéanann sé dlíthe. Is rialacha iad dlíthe lena leagtar síos an rud is ceadmhach nó nach ceadmhach a dhéanamh. Déanann an Tionól dlíthe ar chúrsaí áitiúla i dTuaisceart Éireann - ar a dtugtar ‘nithe aistrithe’ nó ‘nithe déabhlóidithe’. Déanann Parlaimint na Ríochta Aontaithe in Westminster dlíthe ar chúrsaí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ina hiomláine - ar a dtugtar ‘nithe forchoimeádta’ agus ‘nithe eiscthe’.

Reachtas

Foras déanta dlí a bhfuil an chumhacht aige dlíthe a dhéanamh agus a athrú.

Rialtas

Grúpa daoine a chinneann an dóigh a reáchtáiltear tír. Tagraíonn an Rialtas, faoina cheannlitir ‘R’, do na ceannairí (Aire). Is é seo an Coiste Feidhmiúcháin i dTuaisceart Éireann. Tagraíonn rialtas, faoina mhionlitir ‘r’, do gach ionadaí tofa atá páirteach i ndlíthe agus i gcinntí a dhéanamh i réigiún nó tír ar leith. Ciallaíonn sé sin an Tionól agus an Feidhmeannas i dTuaisceart Éireann.

Rialtas na Ríochta Aontaithe

Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe agus na hAirí atá i gceannas ar Ranna Rialtais láir nó náisiúnta. Tugtar ‘an Chomh-aireacht’ air fosta agus tagann sé le chéile in 10 Sráid Downing, Londain.

Seirbhísí Poiblí

Seirbhísí atá uainn go léir agus a chuireann an rialtas ar fáil, mar shampla ospidéil, scoileanna, bóithre agus seirbhísí uisce.

Seomra an Tionóil

Is seomra é seo i bhFoirgnimh na Parlaiminte áit a mbuaileann CTRanna le chéile ar an Luan agus ar an Mháirt. Pléann siad

saincheisteanna, déanann siad dlíthe agus ceistíonn siad Airí atá i gceannas ar Ranna Rialtais. Tugtar Cruinnithe Iomlánacha ar na cruinnithe.

Tionól Thuaisceart Éireann

An reachtas, nó foras déanta dlí, le haghaidh Thuaisceart Éireann. Tá 90 Comhalta den Tionól Reachtach (CTRanna) mar chuid de.

Togh

Iarrthóirí nó páirtithe a roghnú i dtoghchán.

Toghchán

Vótáil phoiblí. Roghnaíonn daoine an té a dhéanfaidh ionadaíocht ar a son i rialtas agus a dhéanfaidh na cinntí is fearr/na dlíthe is fearr ar a son.

Toghchán tobann

Toghchán a ghlaoitear níos luaithe ná mar a bhí coinne leis. I ndiaidh do Martin McGuinness éirí as oifig mar leasChéad- Aire an 9 Eanáir 2016 agus an dóigh ar dhiúltaigh Sinn Féin athainmniú taobh istigh de sheachtain, d’fhógair an Rúnaí Stáit go mbeadh toghchán ann an 2 Márta 2017, gan ach 10 mí a bheith caite ó bhí toghchán mhí na Bealtaine 2016 ann. Ní raibh an chéad toghchán eile le bheith ann go dtí Bealtaine 2021.

Toghcheantar

Roinntear Tuaisceart Éireann ina 18 gceantar gheografacha, ar a dtugtar toghcheantair, le haghaidh toghcháin Tionóil. Toghtar cúigear CTRanna ó gach toghcheantar. I dtoghcháin Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, toghtar Feisire (MP) amháin ó gach toghcheantar  chuig Teach na dTeachtaí in Westminster.

Toghthóirí

Na daoine a bhfuil cónaí orthu i dtoghcheantar an ionadaí thofa.

Tráth na gCeisteanna

Cuirtear am i leataobh do CTRanna ag cruinnithe i Seomra an Tionóil, le ceisteanna a chur ar Airí faoi obair a gcuid Ranna. Is cuid d’obair CTR Airí a thabhairt chun cuntais ar an dóigh seo. Tugann gach Aire freagraí ar cheisteanna sa tSeomra uair amháin gach 2-3 seachtaine ar feadh 45 bhomaite.

Vótálaithe

Nuair a bhíonn toghcháin ann, roghnaíonn vótálaithe iarrthóirí páirtithe a dhéanfaidh ionadaíocht orthu agus a dhéanfaidh cinntí ar a son. Is gnách leo a rogha nó roghanna a mharcáil ar pháipéar ballóide. Ní mór 18 mbliana d’aois a bheith slánaithe ag duinele vóta a chaitheamh sa chuid is mó de thíortha.

Westminster

Pálás Westminster i Londain, an áit a bhfuil dhá Theach Rialtas na Ríochta Aontaithe lonnaithe: Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk