Eolas ar Sheirbhís Oideachais Thionól Thuaisceart Éireann

Cuireann muid cláir oideachais agus acmhainní atá saor in aisce ar fáil do dhaoine óga, múinteoirí, ceannairí óige nó do dhuine ar bith atá ag iarraidh foghlaim faoi ról an Tionóil agus faoin obair a dhéanann muid.

Tá sé mar aidhm ag an tSeirbhís Oideachais, i gcomhar leis na CTRanna, a bheith ag obair le daoine óga agus cuidiú leo tuiscint a fháil ar an dóigh:

  • a mbaineann an Tionól leo;
  • a n-oibríonn an daonlathas; agus
  • le páirt a ghlacadh sa phróiseas dhaonlathach.

Tá na cláir agus na hacmhainní deartha againn sa dóigh go bhfaighidh na daltaí an t-eolas agus na scileanna atá de dhíth orthu le tionchar a imirt ar na ceisteanna a bhaineann leo.

Seo a dhéanann muid duit

Cuairteanna Oideachasúla

Tabhair cuairt ar an Tionól agus foghlaim faoin dóigh a n-oibríonn sé.

Cuairteanna for-rochtana ar scoileanna

Tabhair an Tionól go dtí an seomra ranga.

Uirlisí don Teagasc

Istigh i Rannán na múinteoirí thig leat teact ar mholtaí ceachta atá nasctha le gníomhaíochtaí ilmheán ar líne - cluichí, beochan, físeán agus ábhar priontáilte eile san áireamh.

Seimineáir do mhúinteoirí

Is seimineáir saor in aisce iad seo ina bhfaighidh tú smaointe úra maidir le cur chuige sa tsaoránacht agus sa litearthacht pholaitíochta. Is deis duit na seisiúin seo le léargas níos fearr a fháil ar oibríochtaí an Tionóil.

Tá na Seimineáir do Mhúinteoirí curtha ar athlá mar gheall ar an Choróinvíreas.

Seol ríomhphost chuig education.service@niassembly.gov.uk le háit a chur in áirithe nó le tuilleadh eolais a fháil.

Seisiúin Oiliúna Múinteoirí ar scoil á dtairiscint anois againn fosta.

Imeachtaí

Is é atá sna himeachtaí seo deis do dhaoine óga ceisteanna a shíleann siad atá tábhachtach dóibh féin a chur ar ionadaithe polaitiúla. Beidh seisiún C&F ann le painéal CTRanna chomh maith le comhrá comhstádais. Beidh an t-imeacht seo úsáideach ag gach dalta beag beann ar a réimsí ábhar. Is féidir mionsonraí ar na himeachtaí reatha a fháil anseo.

Deiseanna Físchomhdhála

Gabh i dteagmháil leis an tSeirbhís Oideachais más maith leat deis a bheith ag do dhaltaí físchomhdháil a dhéanamh le CTRanna nó le Coistí.

D’fhorbair muid na cláir agus na háiseanna i gcomhpháirt le CCEA. Tacaíonn siad le Curaclam Thuaisceart Éireann i réimsí ar nós Foghlaim don Saol agus don Obair, Teanga & Litearthacht, Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint, Rialtas agus Polaitíocht agus Stair.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk