Cé hiad do chuid CTRanna?
Cé a dhéanann ionadaíocht duit i dTionól Thuaisceart Éireann?
Toghann muintir Thuaisceart Éireann CTRanna le hionadaíocht a dhéanamh dóibh sa Tionól. Déanann CTRanna dlíthe ar ár son agus déanann siad scrúdan ar obair na nAirí atá i gceannas ar Ranna Rialtais.
Déanann CTRanna ionadaíocht ar na daoine i gceantar faoi leith, ar a dtugtar toghcheantar. Roinntear Tuaisceart Éireann ina 18 dtoghcheantar le haghaidh toghchán don Tionól. Toghtar cúigear CTRanna as gach toghcheantar, is ionann sin agus 90 CTR san iomlán.
Baineann an chuid is mó de na CTRanna le ceann de na páirtithe polaitíochta. Roimh thoghchán, foilsíonn gach páirtí forógra. Leagtar amach san fhorógra seasamh an pháirtí agus cad é atá beartaithe ag an pháirtí a dhéanamh má thoghtar é. Is é atá i mbeartais ná na pleananna atá ag páirtí do chúrsaí amhail sláinte, oideachas nó an comhshaol.
Is iad seo torthaí an toghcháin dheireanaigh don Tionól an 5 Bealtaine 2022:
Páirtí | Suíocháin |
---|---|
Sinn Féin (SF) | 27 |
Democratic Unionist Party (DUP) | 25 |
Alliance Party of Northern Ireland (Alliance) | 17 |
Ulster Unionist Party (UUP) | 9 |
Social Democratic and Labour Party (SDLP) | 8 |
Traditional Unionist Voice (TUV) | 1 |
People Before Profit (PBPA) | 1 |
Neamhspleách (nach comhalta de pháirtí ar bith) | 2 |
Tá sé de cheart ag gach duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici vóta a chaitheamh i dtoghcháin agus seasamh mar iarrthóir. Is féidir d’ainm a chur ar an chlár toghcháin in aois a 17. Fiú mura féidir leat vótáil go fóill, déanann CTRanna ionadaíocht i dtoghcheantar do gach duine a chónaíonn ann, tú féin san áireamh. Is mian leo do thuairimí a chluinstin. Má bhíonn fadhb agat atá ag cur as duit, déan teagmháil le do chuid CTRanna agus fiafraigh díobh an dtig leo rud éigin a dhéanamh fuithi.
Leis seo a dhéanamh, caithfidh tú fios a bheith agat cé hiad. B’fhéidir go bhfuil a fhios agat cheana féin? Mura bhfuil, faigh amach.