CTRanna agus Airí
Tá dhá chuid sa Rialtas i dTuaisceart Éireann: an Tionól agus an Feidhmeannas.
Déanann an 90 Comhalta den Tionól Reachtach (ar a dtugtar CTRanna nó Comhaltaí in amanna) na dlíthe.
Is Airí, ar grúpa CTRanna iad a roghnaíodh le bheith i gceannas ar na naoi roinn i Rialtas Thuaisceart Éireann, atá mar chuid den Fheidhmeannas:
- An Oifig Feidhmiúcháin, (lena n-áirítear an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire atá i gceannas ar an Fheidhmeannas.
- An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe
- An Roinn Pobal (spórt, tithíocht, leabharlanna agus iarsmalanna)
- An Roinn Geilleagair (fuinneamh, turasóireacht, cláir traenála oibre, coláistí agus ollscoileanna)
- An Roinn Oideachais
- An Roinn Airgeadais
- An Roinn Sláinte
- An Roinn Bonneagair (bóithre, iompar poiblí agus uiscebhealaí)
- An Roinn Dlí agus Cirt (póilíneacht, príosúin agus cúirteanna)
Oibríonn CTRanna agus Airí le chéile lena chinntiú go mbíonn dlíthe agus seirbhísí poiblí maithe i dTuaisceart Éireann amhail otharlanna, scoileanna, agus tacaíocht do ghnólachtaí. Amharc ar ár mbeochan faoi Obair CTR le tuilleadh a fhoghlaim.
Ceist
WCad é a thiocfadh leis an Aire Oideachais a dhéanamh, dar leat?
Cad iad na cinntí a chaithfeadh Aire Oideachais a dhéanamh?
Gníomhaíocht – an Buiséad a Chothromú
Cosnaíonn sé go leor airgid Tuaisceart Éireann a reáchtáil, agus caithfear an t-airgead a chaitheamh go críonna. Tugtar ‘an buiséad’ ar an phlean caiteachais. Faigheann an Roinn Sláinte an méid is mó airgid le caitheamh gach bliain – níos mó ná £7 mbilliún. Mura gcaitheann roinn iomlán a coda den bhuiséad, tabharfaidh sí roinnt airgid ar ais don Aire Airgeadais. Thiocfadh le roinn eile breis airgid a iarraidh ar an Aire Airgeadais.
Déan an ghníomhaíocht seo le cuidiú leat a thuiscint an dóigh a bhféadfaí cinntí caiteachais a dhéanamh