Cé hiad na CTRanna?

Cé hiad na CTRanna? activity link

Is iad na Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR) a oibríonn ar ár son ag Tionól Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste. Déanann siad dlíthe agus cinntí maidir le Tuaisceart Éireann.

Tá cead ag daoine atá os cionn 18 bliana d’aois vótáil i dtoghchán ar son na ndaoine a dhéanfaidh an beart is fearr, dar leo, mar CTRanna.

Tá Tuaisceart Éireann roinnte ina 18 gceantar a dtugtar toghcheantair orthu. Roghnaítear cúig CTR i ngach toghcheantar. Ceaptar na hiarrthóirí a fhaigheann an líon is mó vótaí mar CTRanna sa toghcheantar agus bíonn cúram orthu leas na ndaoine atá ina gcónaí sa toghcheantar a chur chun tosaigh. Tá 90 CTR ann ag feidhmiú mar ionadaithe do mhuintir Thuaisceart Éireann.

Tá an chuid is mó de na CTRanna ina mbaill de ghrúpaí. Tugtar páirtithe polaitíochta ar na grúpaí sin. Téann daoine le páirtí mar go n-aontaíonn siad le smaointe an pháirtí faoin dóigh ar chóir Tuaisceart Éireann a reáchtáil.

Mar sin, cad é an toghcheantar a bhfuil tú i do chónaí ann agus cé hiad na CTRanna ann? Faigh amach anseo.

Cad é an cineál seachtain oibre a bhíonn ag CTR? Faigh amach anseo.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk