Cuairt Orainn

Tá áirithintí do chuairteanna oideachasúla chuig Foirgnimh na Parlaiminte oscailte don bhliain acadúil 2022-2023. Is féidir leat seisiún oideachasúil fíorúil a chur in áirithe, seachadta via MS Teams. Do thuilleadh eolais nó le cuairt a chur in áirithe, déan teagmháil linn más é do thoil é.

Cuireann muid cláir ar fáil do ghrúpaí bunscoile agus meánscoile, do ghrúpaí óige agus do ghrúpaí ollscoile. Tá an clár do chuairteanna scoile deartha le Curaclam Thuaisceart Éireann agus sonraíochtaí i limistéir na Saoránachta/na Foghlama don tSaol agus don Obair/an Rialtais agus na Polaitíochta agus na Staire a thacú. Ach é a iarraidh, is féidir linn clár a shaincheapadh le cur in oiriúint do dhaltaí d’ábhair eile, mar shampla, Tíreolaíocht agus Eacnamaíocht.

Cuireann muid cláir speisialta ar fáil fosta do Chomhairlí Scoile, Éicea-chomhairlí agus Scoileanna a thugann Meas do Chearta.

Cad é atá i gceist le cuairt orainn?

- cur i láthair idirghníomhach ar Thionól Thuaisceart Éireann; agus

- turas ar Fhoirgnimh na Parlaiminte, le cuairt ar an Áiléar Poiblí san áireamh ar laethanta suí (ach suíocháin a bheith ar fáil).

Is féidir go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na rudaí seo a leanas ar fáil fosta ag brath ar riachtanais an ghrúpa:

- toghchán bréige nó gníomhaíocht a bhaineann le déanamh dlí;

- seisiún Ceisteanna & Freagraí le CTRanna; nó

- caint ó bhall d’fhoireann an Tionóil, Cléireach Coiste mar shampla.

Cuireann muid áiseanna oideachais oiriúnaithe de réir aoise ar fáil fosta.

Buailfidh tú le duine dár nOifigigh Oideachais: (ó chlé) James, Anne-Marie, Marina nó Lucy.

Cá fhad a mhaireann cuairt?

Maireann cláir Bhunscolaíochta agus Eochairchéim 3 & 4 ar feadh 1.5 uair an chloig agus is féidir iad a chur in áirithe le tosú ag 10.00 a.m. nó 10.30 a.m. (11 a.m. Dé Luain le cuairt a thabhairt ar Ghailearaí an Phobail a cheadú ag meán lae).

Tá Clár na gCuairteanna Scoile curtha ar fáil againn mar thacaíocht do Churaclam Thuaisceart Éireann. Tabhair cuairt ar Rannán na Múinteoirí faoi choinne nasc leis an churaclam.

Cuairt a chur in áirithe

Tá dhá dhóigh ann le cuairt oideachasúil a chur in áirithe:

  1. Gabh i dteagmháil linn ag an tSeirbhís Oideachais. Socróidh muid cuairt duit.
  2. Iarr ar CTR a bheith mar urraitheoir ar do chuairt. Abair leis/léi gur mhaith libh cuairt a thabhairt ar Fhoirgnimh na Parlaiminte mar chuid den Chlár Oideachais agus rachaidh sé/sí i dteagmháil linn. Thig leat teagmháil a dhéanamh le CTRanna ag a n-oifigí i bhFoirgnimh na Parlaiminte nó ag a n-oifigí toghcheantair. Gabh i dteagmháil linn faoi choinne sonraí.

Tabhair do d'aire go dtig linn an clár oideachais a chur ar fáil i nGaeilge ach sin a iarraidh orainn tamall roimh ré. Cuir seo in iúl dúinn nuair atá an chuairt á cur in áirithe agat.

Cad é mar a thig liom ullmhú don chuairt?

  • úsáid na gníomhaíochtaí ar an tsuíomh gréasáin;
  • faigh amach ainmneacha na gCTRanna atá agat;
  • smaoineamh ar na mórcheisteanna a bhaineann leat agus leis an ghrúpa;
  • amharc ar an nuacht agus léigh na nuachtáin le scéalta faoin Tionól a aimsiú; agus
  • má tá tú ag bualadh le CTR mar chuid den chuairt, ullmhaigh ceisteanna a bhaineann le hobair CTR agus le mórcheisteanna a bhfuil spéis agat féin iontu.

Cad chuige nach ndéanann tú do chuairt níos faide?

Chruthaigh an Roinn Airgeadais a reáchtálann Páirc Phoiblí Chnoc an Anfa sraith de chosáin eachtraíochta a chuireann bithéagsúlacht shaibhir na gcoillearnach os comhair an phobail agus a thugann stair achomair an Eastáit do chuairteoirí.

Ba chóir go nglacfadh sé thart faoi leathuair le gach cosán a chomhlánú agus do bhealach a dhéanamh tríothu le mapa cosáin in úsáid agat. Is féidir na mapaí a íoslódáil anseo nó is féidir linn iad a chur ar fáil nuair a ghlacfaidh tú páirt inár gclár oideachasúil.

Tá eachtraíocht i ndán duit, gabh agus faigh í!

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hAonad Bainistíochta Chnoc an Anfa ar uimhir ghutháin 028 90378103 nó mar mhalairt ar ríomhphost go StormontEMU@finance-ni.gov.uk

Is féidir leat do chuairt go Foirgnimh na Parlaiminte a dhéanamh níos faide le dúshlán treodóireachta.

Cad é mar a théann muid ann?

Míníonn an físeán thíos an méid a fheicfidh cuairteoirí céaduaire le linn a gcuairte ar Fhoirgnimh na Parlaiminte ina n-airítear eolas ann faoi na rudaí a leanas:

  • rochtain chuig an eastát;
  • socruithe páirceála agus slándála;
  • turais phoiblí; agus
  • áiseanna taobh istigh d’Fhoirgnimh na Parlaiminte agus d’Eastát Stormont.

 

Uathachas agus an Tionól

Tá an Duais Chreidiúnaithe d’Uathachas ag an Tionól. Cuir ar an eolas muid, le do thoil é, má tá duine ar bith i do ghrúpa a bhfuil cuidiú breise de dhíth air agus é ar a chuairt go Foirgnimh na Parlaiminte.

Is féidir le Laochra Uathachais cuidiú a chur ar fáil roimh, le linn agus i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Fhoirgnimh na Parlaiminte.

Féach ar an fhíseán ‘Cuairt a Thabhairt’ thuas le fios a bheith agat na rudaí a dtig le cuairteoirí a bheith ag dúil leo agus iad ag tabhairt cuairt ar Eastát Chnoc an Anfa agus an físeán ‘Rochtain ar ‘Fhoirgnimh na Parlaiminte’.

Image
Uathachas agus an Tionól

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk