An Dóigh a nDéantar Dlí

An Dóigh a nDéantar Dlí activity link

Is rialacha iad dlíthe le daoine a chosaint agus le cuidiú a thabhairt do thír nó do réigiún feidhmiú mar is ceart.

Cá háit a gcruthaítear dlíthe?

Tá dlíthe ann maidir le gach rud, ón tiomáint go dtí an teagasc i scoileanna. I dTuaisceart Éireann, thig leis an Tionól dlíthe a dhéanamh faoi mhórcheisteanna éagsúla a théann i bhfeidhm orainn - ospidéil, scoileanna, póilíneacht agus an comhshaol san áireamh.

Tógann sé cuid mhaith ama dlí a dhéanamh. Bille a thugtar ar an smaoineamh atá taobh thiar de dhlí. Caithfidh CTRanna machnamh a dhéanamh ar an Bhille sula ndéanfar dlí de. Caithfidh tromlach na CTRanna a aontú gur smaoineamh maith é an Bille sula rithfidh an Tionól é. Nuair a ritheann an Tionól an Bille, déantar dlí de.

Amharc ar na róbait seo, Charlie-Bot agus Zoe-Bot, agus iad ag fáil amach cad é atá i gceist le dlíthe.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk