Gluais

[ A - E ] [ F - M ] [ N - S ] [ T - Z ]

 

An Comhaontú

Is é seo an leagan gearr ar Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta. D’oibrigh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann leis na polaiteoirí i dTuaisceart Éireann le teacht ar shocrú a chuir tús le Tionól Thuaisceart Éireann agus a chuir deireadh leis‘na Trioblóidí’.

An Ríocht Aontaithe (RA)

Is é atá sa Ríocht Aontaithe Sasana, an Bhreatain Bheag, Albain agus Tuaisceart Éireann.

An tAontas Eorpach

Tá 28 tír den Eoraip san Aontas Eorpach. Bíonn siad ag obair le chéile ar rudaí cosúil le trádáil idir thíortha.

Aontachtaithe

Daoine ar mhaith leo go bhfanfadh Tuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe (RA).

Bille

Is togra nó moladh maidir le dlí úr é Bille. Caithfidh an Tionól gach Bille a rith sula ndéanfar dlí de. Tugtar Nithe cineachta nó Nithe aistrithe ar na nithe atá faoi chumhacht an Tionóil maidir le dlíthe a dhéanamh. Nuair a ritheann an Tionól Bille, tugtar Acht air.

Comhairleoirí Áitiúla

Is daoine iad seo a thoghtar le suí ar chomhairlí áitiúla. Déanann siad cinntí faoi rudaí ar nós ionaid fóillíochta agus bailiú araidí bruscair.

Comhalta den Tionól Reachtach (CTR)

Toghtar 108 polaiteoir i dTuaisceart Éireann ina gComhaltaí den Tionól Reachtach (CTRanna). Is é an post atá acu obair a dhéanamh ar ár son agus dlíthe agus cinntí a dhéanamh a fhágfaidh gur áit níos fearr é Tuaisceart Éireann le bheith inár gcónaí ann.

Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta

Is de bharr an Chomhaontaithe atá Tionól Thuaisceart Éireann ann. D’oibrigh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann leis na polaiteoirí i dTuaisceart Éireann le teacht ar shocrú a bheadh ar leas gach duine agus a chuirfeadh deireadh leis‘na Trioblóidí’.

Córas an Aonvóta Inaistrithe

Seo an córas atá in úsáid le CTRanna a thoghadh. Déanann vótálaí iarrthóirí a rangú in ord tosaíochta agus iad á roghnú. Cuireann vótálaí 1 in aice leis an iarrthóir is fearr leo, 2 in aice leis an dara hiarrthóir is fearr leo agus mar sin de. Déantar na vótaí a chuntas. I ngach toghcheantar toghtar an seisear iarrthóirí a bhaineann sprioclíon vótaí amach.

Dlíthe

Is rialacha iad seo a dhéanann rialtais le daoine a rialú agus le cuidiú a thabhairt do thír nó do réigiún feidhmiú mar is ceart.

 

Feisire (MP)

Toghtar 18 bhFeisire i dTuaisceart Éireann le suí i dTeach na dTeachtaí i Londain. Tarlaíonn sé seo mar go mbíonn an Rialtas i Londain ag déanamh cinntí faoi Thuaisceart Éireann agus faoin chuid eile den Ríocht Aontaithe. Déanann sé cinntí ar rudaí ar nós an airgeadra a úsáideann muid agus an méid cánach a íocann muid.

Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE)

Toghtar triúr iarrthóirí i dTuaisceart Éireann ina bhFeisirí de Parlaimint na hEorpa. Déanann FPEanna dlíthe do na 28 tír atá ina mball den Aontas Eorpach (AE).

Foirgnimh na Parlaiminte

Seo an áit a dtagann Tionól Thuaisceart Éireann le chéile, in Eastát Stormont i mBéal Feirste.

Iarrthóirí

Is iad seo na daoine atá ag iarraidh go dtoghfar iad. Feicfidh tú aghaidh na ndaoine seo ar na póstaeir ag am toghcháin, de ghnáth.

Ionadaíocht a Dhéanamh

Déanann daoine a thoghtar ionadaíocht ar ár son, i.e. éisteann siad linn agus leis an dearcadh atá againn agus déanann siad iarracht cinntí agus dlíthe a dhéanamh a bheidh ar leas an phobail.

 

Na Trioblóidí

An tréimhse foréigin i dTuaisceart Éireann a thosaigh ag deireadh na 1960idí agus a chríochnaigh le Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta in 1998.

Náisiúnaithe

Daoine ar mhaith leo go mbeadh Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann le chéile in aon stát amháin.

Nithe cineachta nó Nithe aistrithe

I ndiaidh Chomhaontú 1998, chineach (thug) Parlaimint na RA an chumhacht do Thionól 
Thuaisceart Éireann dlíthe a dhéanamh i réimsí áirithe rialtais, amhail an talmhaíocht agus iompar poiblí. Tugtar ‘nithe cineachta’ nó ‘nithe aistrithe’ ar na réimsí sin.

Páipéar Ballóide

Seo an píosa páipéir a úsáideann vótálaithe i dtoghchán leis na hiarrthóirí is rogha leo a chur in iúl. Tá liosta d’ainmneacha na n-iarrthóirí ar an pháipéar. Nuair atá toghchán don Tionól ar siúl cuireann vótálaithe uimhir taobh le hainmneacha na n-Iarrthóirí ba mhaith leo a thoghadh. Cuireann siad 1 leis an chéad rogha acu, 2 leis an dara rogha agus mar sin de.

Páirtithe Polaitíochta

Is grúpaí iad seo de dhaoine a thagann le chéile mar go bhfuil na smaointe céanna acu ar an dóigh ar chóir an tír a reáchtáil. Bíonn gach páirtí ag iarraidh go dtoghfar daoine ón pháirtí ina iarrthóirí chun tosaigh, mar sin, le seasamh i dtoghcháin don Tionól.

Parlaimint na hEorpa

Seo grúpa daoine a thoghtar le mórcheisteanna a phlé agus le dlíthe a dhéanamh do na 28 tír san Aontas Eorpach. Is ón fhocal Fraincise ‘parler’, a chiallaíonn ‘labhairt’, a thagann an focal ‘parlaimint’.

Rialtas

Is é atá i gceist le rialtas daoine a thoghtar le tír a reáchtáil.

Rialtas Cumhachtroinnte

Seo cineál rialtais is féidir a chur ar bun i ndiaidh coimhlinte. Bíonn cumhacht á roinnt ag an dá thaobh agus déanann siad cinntí le chéile faoin dóigh leis an tír a reáchtáil.

 

Tionól Thuaisceart Éireann

Tá 108 CTR ann a dhéanann dlíthe do Thuaisceart Éireann. Tá sé suite i bhFoirgnimh na Parlaiminte in Eastát Stormont i mBéal Feirste.

Toghchán

Nuair atá toghchán ar siúl caitheann daoine vótaí leis na daoine is fearr, dar leo, chun an tír a reáchtáil. Thiar in aimsir na nGréagach agus na Rómhánach, ba ghnách le daoine toghcháin a úsáid le ceannairí a roghnú – ach ní bhíonn toghcháin ann i ngach tír sa lá atá inniu ann.

Toghcheantar/toghcheantair

Ag am toghcháin bíonn Tuaisceart Éireann roinnte ina 18 gceantar a dtugtar toghcheantair orthu. Toghtar sé CTR i ngach toghcheantar. Má iolraíonn tú 18 × 6, faigheann tú 108. Is é sin líon iomlán na CTRanna.

Vótáil

Rogha a dhéanamh. Mar shampla, nuair a chaitheann tú vóta sna toghcháin do Thionól Thuaisceart Éireann, roghnaíonn tú cuid de na hiarrthóirí éagsúla le hionadaíocht a dhéanamh ar do shon sa Tionól.

Parlaimint na hEorpa

Seo grúpa daoine a thoghtar le mórcheisteanna a phlé agus le dlíthe a dhéanamh do na 28 tír san Aontas Eorpach. Is ón fhocal Fraincise ‘parler’, a chiallaíonn ‘labhairt’, a thagann an focal ‘parlaimint’.

Rialtas

Is é atá i gceist le rialtas daoine a thoghtar le tír a reáchtáil.

Rialtas Cumhachtroinnte

Seo cineál rialtais is féidir a chur ar bun i ndiaidh coimhlinte. Bíonn cumhacht á roinnt ag an dá thaobh agus déanann siad cinntí le chéile faoin dóigh leis an tír a reáchtáil.

 

Tionól Thuaisceart Éireann

Tá 108CTR ann a dhéanann dlíthe do Thuaisceart Éireann. Tá sé suite i bhFoirgnimh na Parlaiminte in Eastát Stormont i mBéal Feirste.

Toghchán

Nuair atá toghchán ar siúl caitheann daoine vótaí leis na daoine is fearr, dar leo, chun an tír a reáchtáil. Thiar in aimsir na nGréagach agus na Rómhánach, ba ghnách le daoine toghcháin a úsáid le ceannairí a roghnú – ach ní bhíonn toghcháin ann i ngach tír sa lá atá inniu ann.

Toghcheantar/toghcheantair

Ag am toghcháin bíonn Tuaisceart Éireann roinnte ina 18 gceantar a dtugtar toghcheantair orthu. Toghtar séCTR i ngach toghcheantar. Má iolraíonn tú 18 × 6, faigheann tú 108. Is é sin líon iomlán na CTRanna.

Vótáil

Rogha a dhéanamh. Mar shampla, nuair a chaitheann tú vóta sna toghcháin do Thionól Thuaisceart Éireann, roghnaíonn tú cuid de na hiarrthóirí éagsúla le hionadaíocht a dhéanamh ar do shon sa Tionól.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk