CTRanna agus Airí

Tá dhá chuid sa Rialtas i dTuaisceart Éireann: an Tionól agus an Feidhmeannas.

Déanann an 90 Comhalta den Tionól Reachtach (ar a dtugtar CTRanna nó Comhaltaí in amanna) na dlíthe.

Is Airí, ar grúpa CTRanna iad a roghnaíodh le bheith i gceannas ar na naoi roinn i Rialtas Thuaisceart Éireann, atá mar chuid den Fheidhmeannas:

  • An Oifig Feidhmiúcháin, (lena n-áirítear an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire atá i gceannas ar an Fheidhmeannas.
  • An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe
  • An Roinn Pobal (spórt, tithíocht, leabharlanna agus iarsmalanna)
  • An Roinn Geilleagair (fuinneamh, turasóireacht, cláir traenála oibre, coláistí agus ollscoileanna)
  • An Roinn Oideachais
  • An Roinn Airgeadais
  • An Roinn Sláinte
  • An Roinn Bonneagair (bóithre, iompar poiblí agus uiscebhealaí)
  • An Roinn Dlí agus Cirt (póilíneacht, príosúin agus cúirteanna)


Oibríonn CTRanna agus Airí le chéile lena chinntiú go mbíonn dlíthe agus seirbhísí poiblí maithe i dTuaisceart Éireann amhail otharlanna, scoileanna, agus tacaíocht do ghnólachtaí. Amharc ar ár mbeochan faoi Obair CTR le tuilleadh a fhoghlaim. 

Ceist    
WCad é a thiocfadh leis an Aire Oideachais a dhéanamh, dar leat?  
Cad iad na cinntí a chaithfeadh Aire Oideachais a dhéanamh?

Image
CTRanna agus Airí

Gníomhaíocht – an Buiséad a Chothromú

Cosnaíonn sé go leor airgid Tuaisceart Éireann a reáchtáil, agus caithfear an t-airgead a chaitheamh go críonna. Tugtar ‘an buiséad’ ar an phlean caiteachais. Faigheann an Roinn Sláinte an méid is mó airgid le caitheamh gach bliain – níos mó ná £7 mbilliún. Mura gcaitheann roinn iomlán a coda den bhuiséad, tabharfaidh sí roinnt airgid ar ais don Aire Airgeadais. Thiocfadh le roinn eile breis airgid a iarraidh ar an Aire Airgeadais.

Déan an ghníomhaíocht seo le cuidiú leat a thuiscint an dóigh a bhféadfaí cinntí caiteachais a dhéanamh

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk