Cad é mar a thoghann muid CTRanna?

Cad é mar a thoghann muid CTRanna? (Córas an Aonvóta Inaistrithe) activity link

Cad chuige a scríobhann muid uimhreacha ar ár páipéar ballóide nuair a thoghann muid CTRanna do Thionól Thuaisceart Éireann?

Roghnaíonn muid I toghcháin na daoine ar mian linn go ndéanfaidh siad cinntí ar ár son. Cé go bhfuil daonlathas againn sa lá atá ann inniu, ní thig linn go léir a bheith páirteach i ngach cinneadh. Mar sin de, toghann muid daoine le rialtas a chur le chéile agus le cinntí a ionadaíocht a dhéanamh dár gcuid tuairimí.

Tá dóigheanna éagsúla ann le daoine a thoghadh. I dtoghcháin Westminster, cuireann vótálaithe ‘X’ taobh le hainm an aon iarrthóra amháin ar mhaith leo é nó í ionadaíocht a dhéanamh dóibh i Parlaimint na Ríochta Aontaithe. Bíonn an bua ag an iarrthóir leis an líon is mó Xanna agus ceaptar an duine sin mar Feisire Parlaiminte (MP) don toghcheantar sin. Tugtar an ‘an chéad duine abhaile’ ar an chóras seo.

I dtoghcháin don Tionól, úsáideann vótálaithe uimhreacha le hiarrthóirí a chur in ord tosaíochta: 1 don chéad rogha, 2 don dara rogha agus mar sin de. Toghann vótálaithe níos mó ná iarrthóir amháin. I dtoghcháin an Tionóil, roghnaíonn siad cúigear CTRanna in aghaidh an toghcheantair. Tugtar an Aonvóta Inaistrithe (STV) ar an chóras seo.

Amharc ar an fhíseán le tuilleadh eolais a fháil amach...

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk