Gluais

[ A - F ] [ G - L ] [ M - R ] [ S - Z ]

Ábhair an Lae

Is féidir le CTR iarratas foirmiúil a dhéanamh leis an Cheann Comhairle le ráiteas a dhéanamh leis an Tionól ar ábhar a bhfuil leas agus tábhacht eisceachtúil don phobal i gceist leis a théann i bhfeidhm ar mhuintir Thuaisceart Éireann agus a tháinig chun cinn ó cuireadh an Tionól ar athló an uair dheireanach. De ghnáth, ní mór an t-iarratas a dhéanamh roimh 9.30 am ar an lá suí ábhartha.

Ábhair Chomhbhuartha

An áit a dtig le hábhar bheith ina ábhar buartha ag 2 choiste nó níos mó, is féidir déileáil leis ar 3 dhóigh: tríd aontú gur chóir do choiste amháin freagracht a ghlacadh as, ach dearcadh na gcoistí eile a cheadú fosta; trí choistí ag suí go comhuaineach – le chéile - le machnamh a dhéanamh ar fhianaise i bpáirt lena chéile agus le tuarascáil a chur ar fáil don Tionól; nó trí Chomhchoiste ad hoc a bhunú, le baill ó na coistí lena mbaineann sé, a cheapfaidh cathaoirleach agus leas-chathaoirleach dá chuid féin.

Achainí Phoiblí

Achainí a iarrann ar an rialtas gníomhú ar cheist ar leith, agus é sínithe ag a lán ball den phobal. CTR a chuireann an Achainí faoi bhráid an Tionóil. Is é an cleachtas go ndéanfaidh an Comhalta roinnt tráchtanna beaga tosaigh faoi inneachar na hachainí agus faoi líon na ndaoine a shínigh í sula gcuireann sé faoi bhráid an Chinn Comhairle é go foirmiúil. Déanann an Ceann Comhairle socruithe leis an achainí a chur ar aghaidh chuig an Aire lena mbaineann sí agus déantar í a chóipeáil don choiste reachtúil ábhartha. De ghnáth, déanfaidh an tAire freagra a thabhairt do Chomhaltaí nó don Cheann Comhairle am éigin ina dhiaidh sin agus tabharfaidh sé breac-chuntas ar an méid atá á déanamh ar an cheist.

Aire

Is ceannasaithe iad Airí ar Ranna Rialtais, mar shampla Airgeadas agus Oideachas. Bíonn siad ar an Coiste Feidhmiúcháin/An Feidhmeannas leis an Chéad-Aire agus an LeasChéad Aire. Bíonn Airí freagrach don Tionól agus cinntítear é seo trí mhonatóireacht a dhéanamh ar a gcuid oibre lena dheimhniú go bhfuil jab maith á dhéanamh acu.

An Chéad-Aire agus an LeasChéad Aire

Roghnaíonn an páirtí is mó sa Tionól an Chéad Aire, agus roghnaíonn an páirtí is mó ar an taobh eile den phobal, Aontachtach Náisiúnach an LeasChéad Aire. Le chéile, bíonn siad i gceannas ar an rialtas i dTuaisceart Éireann. Tá cumhachtaí comhionanna acu.

An Chéad Duine Abhaile

Seo é an modh a úsáidtear le Feisirí a thoghadh do Rialtas an RA. Ní thoghtar ach iarrthóir amháin i ngach toghcheantar. Cuireann vótálaithe ‘X’ taobh le hainm an iarrthóra is fearr leo. Ceaptar an t-iarrthóir leis an líon is mó ‘X’anna mar Fheisire don toghcheantar sin.

An tAontas Eorpach

Grúpa tíortha a chomhaontaigh teacht le chéile le rathúnas agus dea-chaidreamh a chur chun cinn idir tíortha na hEorpa.

Aontachtaí

Is daoine iad Aontachtaithe ar mian leo go bhfanfadh Tuaisceart Éireann sa RA.

Aonvóta Inaistrithe (AVI)

Seo é an cineál de chóras toghcháin a úsáideann muid i dTuaisceart Éireann faoi choinne toghcháin don Tionól, agus do chomhairlí áitiúla. Rangaítear iarrthóirí in ord tosaíochta (1, 2, 3, ...). Amharc ar ár mbeochan a thugann míniú ar an dóigh a n-oibríonn sé.

Bille

Is moladh é Bille do dhlí úr. Caithfidh an Tionól gach Bille ar mhórcheisteanna áitiúla darb ainm cúrsaí aistrithe nó cúrsaí déabhlóidithe (cineachta) a rith sula ndéantar dlíthe díobh. Nuair atá Bille rite ag an Tionól tugtar Acht air.

Buiséad

Is plean é seo a thaispeánann cá mhéad airgid a bheidh ar fáil agus an dóigh a ndéanfar é a chaitheamh.

Cánacha

Is airgead é seo a chaithfidh na daoine i dtír a íoc leis an Rialtas lenar féidir leis seirbhísí poiblí a chur ar fáil, amhail cúram sláinte agus oideachas.

Ceann Comhairle

Toghann CTRanna Ceann Comhairle le bheith ina chathaoirleach ar chruinnithe i Seomra an Tionóil. Bíonn an Ceann Comhairle ina chathaoirleach fosta ar an Choiste Gnó, a shocraíonn an clár do chruinnithe.

Céimeanna

Na céimeanna a bhaineann leis an phróiseas de dhlí a dhéanamh. Sa Tionól, caithfidh bille dul trí sheacht gcéim sula ndéantar dlí de.

Coiste Comhthráthach

Coistí ag bualadh le chéile le mórcheist atá ina hÁbhar Comhbhuartha a phlé.

Coiste Feidhmiúcháin/An Feidhmeannas

Seo an t-ainm a thugtar ar ghrúpa Airí atá i gceannas ar Ranna Rialtais mar aon leis an Chéad-Aire agus an LeasChéad Aire. Tugtar ‘an Feidhmeannas’ air fosta, agus cuireann an Coiste plean gníomhaíochta le chéile don rialtas agus buiséad. Ansin bíonn ar an Tionól aontú faoin dá rud seo.

Coistí

Is grúpaí beaga iad seo ina bhfuil 9 CTR a bhfuil speisialtóireacht acu i réimse áirithe oibre, mar shampla an timpeallacht nó an geilleagar. Déanann siad scrúdú mion ar mholtaí faoi choinne dlíthe (Billí) nua agus déanann siad monatóireacht ar Ranna Rialtais agus ar Airí.

Comhairleoir

Déantar comhairleoirí a thoghadh i do chathair/limistéar ceantair le suí ar chomhairle áitiúil. Cuireann an chomhairle seirbhísí ar fáil sa phobal áitiúil, amhail ionaid fóillíochta agus ionaid athchúrsála.

Comhairlí Áitiúla

Is é atá i gceist le Comhairlí Áitiúla ná Comhairleoirí atá tofa i do chathair nó i do cheantar. Ní ritheann comhairlí áitiúla dlíthe ach cuireann siad seirbhísí ar fáil don phobal áitiúil agat. Ina measc siúd mar shampla, bíonn bailiú agus diúscairt bruscair, glantachán sráide, agus páirceanna poiblí.

Comhalta den Tionól Reachtach (CTR)

Toghann muintir Thuaisceart Éireann baill den Tionól Reachtach le dlíthe a dhéanamh ar a son, ar chúrsaí áitiúla. Tá 90 CTR ann.

Comhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste

Comhaontú síochána Thuaisceart Éireann idir Rialtais na Breataine agus na hÉireann a rinneadh in 1998, ar thacaigh an chuid is mó de na Páirtithe Polaitíochta i dTuaisceart Éireann leis. Bhí rialtas nua cumhachtroinnte ann ina raibh Aontachtaithe agus Náisiúnaithe araon mar thoradh ar an chomhaontú. Tugtar ‘Comhaontú Aoine an Chéasta’ air go minic mar thángthas ar an chomhaontú ar an lá sin, 10 Aibreán, 1998.

Comhaontú an Túis Úir

Rinneadh an comhaontú seo i mí na Samhna 2015. Bhí sé de dhíth cionn is nárbh fhéidir an chuid de Chomhaontú Theach Stormont a bhí ag baint le hathchóiriú an chórais leasa a chur i bhfeidhm agus mar gheall ar imní na n-aontachtaithe faoi stádas an IRA, ar tarraingíodh Airí ón UUP agus ón DUP amach as an Fheidhmeannas dá thoradh. Aontaíodh gur chóir do Pharlaimint an RA reachtaíocht ar athchóiriú an chórais leasa a rith; go gcuirfí comhlacht ar

Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta

Comhaontú síochána Thuaisceart Éireann idir rialtais na Breataine agus na hÉireann a rinneadh in 1998, ar thacaigh an chuid is mó de na Páirtithe Polaitíochta i dTuaisceart Éireann leis. Bhí rialtas nua cumhachtroinnte ina raibh Aontachtaithe agus Náisiúnaithe araon, mar thoradh ar an chomhaontú. Tugtar ‘Comhaontú Aoine an Chéasta’ air go minic mar thángthas ar an chomhaontú ar an lá sin, 10 Aibreán, 1998.

bun le tuairisciú ar ghníomhaíocht pharaimíleata; agus gur chóir an chuid eile de Chomhaontú Theach Stormont a chur i bhfeidhm.

Comhaontú Theach Stormont

Rinneadh seo ar an 23 Nollaig 2014 le heasaontais a réiteach maidir le hathchóiriú an chórais leasa, bratacha, paráidí agus déileáil leis an am atá thart. Bheadh: airgead breise ann ó Rialtas an RA (£500m) le tionchar athchóiriú an chórais leasa a mhaolú; gníomhaíocht le déileáil leis an am atá thart; déabhlóid ar cháin chorparáideach agus ar pharáidí; foráil a dhéanamh do Fhreasúra Oifigiúil; bearta úra le héifeachtacht níos mó a chothú san Fheidhmeannas; laghdú ar líon na ranna rialtais ó 12 go 9, i ndiaidh thoghchán 2016, agus ar líon na CTRanna ó 108 go 90 sa toghchán ina dhiaidh sin; athbhreithniú ar achainí ar bhonn ábhar buartha; comhaontú ar dhréacht-Chlár Rialtais taobh istigh de 2 sheachtain ó chéad chruinniú an Tionóil i ndiaidh toghcháin (in áit 1 seachtain); coimisiún nua le machnamh a dhéanamh ar bhratacha, ar fhéiniúlacht, ar chultúr agus ar thraidisiún; rialtas an RA agus na hÉireann ag tacú leis an riachtanas meas a bheith ann ar éagsúlacht teanga. Theip ar an chomhaontú ar athchóiriú an chórais leasa agus bhí comhaontú breise de dhíth. Amharc ar Fresh Start Agreement (Comhaontú an Túis Úir)

Cruinnithe Iomlánacha

Is cruinnithe iad seo a bhíonn i Seomra an Tionóil ar an Luan agus ar an Mháirt ar féidir le gach CTR freastal orthu. Ag na cruinnithe seo, déanann siad díospóireacht, vótálann ar mhórcheisteanna agus reachtaíocht, agus ceistíonn Airí.

Cumhachtroinnt

Caithfidh poist chumhachta sa chineál seo rialtais a roinnt idir páirtithe polaitíochta a dhéanann ionadaíocht do chodanna éagsúla den phobal. Mar shampla, más aontachtaí an Chéad-Aire, caithfidh an LeasChéad Aire bheith ina náisiúnaí. Caithfidh Airí eile bheith bainteach fosta le páirtithe difriúla polaitíochta.

Cur ar athló

Nuair a chuirtear cruinniú ar fionraí go dtí an chéad uair eile.

Cúrsaí Aistrithe

I ndiaidh Chomhaontú 1998, rinne Rialtas an RA an chumhacht a dhéabhlóidiú (thug an chumhacht) do Thionól Thuaisceart Éireann le dlíthe a dhéanamh i réimsí áirithe rialtais, amhail talmhaíocht agus iompar poiblí. Tugtar cúrsaí ‘cineachta’ nó cúrsaí ‘aistrithe’ ar na réimsí seo.

Cúrsaí Eiscthe

Is cúrsaí iad seo nár aistrigh Parlaimint an RA go Tionól Thuaisceart Éireann, amhail cosaint agus cáin ioncaim. Leanfaidh Parlaimint an RA agus an Rialtas i Londain orthu leis na cinntí a dhéanamh sna réimsí seo.

Daonlathas

Nuair a bhíonn daonlathas ann, toghann daoine polaiteoirí le dlíthe agus cinntí a dhéanamh ar a son. Mura bhfuil na daoine sásta lena n-ionadaithe tofa, thig leo rogha a dhéanamh gan Vóta a chaitheamh orthu sa chéad toghchán eile. Spreagann an daonlathas daoine le bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta. Tugann sé cead fosta do dhaoine agus don phreas an rialtas a cháineadh.

Díospóireacht

Sraith óráidí i Seomra an Tionóil. Cuireann CTRanna argóintí contrártha chun tosaigh faoi ábhar. Bíonn an topaic díospóireachta i bhfoirm ráitis darb ainm rún (mar shampla ‘Éilíonn an Tionól seo ar an Aire gan táillí teagaisc ollscoile a ardú’). I ndiaidh an chuid is mo de na díospóireachtaí, caitheann CTRanna vótaí ar cé acu a thacaíonn siad nó nach dtacaíonn siad leis an ráiteas.

Dlíthe

Is rialacha iad dlíthe a rialaíonn cad é is féidir le daoine a dhéanamh nó gan a dhéanamh. Bíonn siad riachtanach lena chinntiú go mbíonn an tsochaí ag feidhmiú mar is ceart. Is focal eile é reachtaíocht ar dhlí nó dlíthe.

Feisire Parlaiminte (MP)

Toghtar baill feisirí Pharlaimint an RA go dtí Teach na dTeachtaí in Westminster. Déanann siad dlíthe a théann i bhfeidhm ar an RA ina iomláine. Toghtar MP amháin ó gach ceann den 18 dtoghcheantar i dTuaisceart Éireann. Tá 650 MP ann san iomlán.

Foirgnimh na Parlaiminte

Seo í an áit a dtagann Tionól Thuaisceart Éireann le chéile. Tá sé lonnaithe ar Eastát Stormont i mBéal Feirste.

Forógra

Is cáipéis í seo a chruthaíonn páirtí polaitíochta roimh thoghchán. Míníonn sé tuairimí an pháirtí agus a bhfuil beartaithe aige a dhéanamh.

Freasúra Neamhoifigiúil

Is é atá i gceist ná páirtithe sa Tionól nach bhfuil go leor CTRanna acu lena gcáiliú do bhallraíocht an Choiste Feidhmiúcháin faoi d’Hondt agus CTRanna neamhspleácha.

Freasúra Oifigiúil

Ó Bhealtaine 2016, páirtithe atá i dteideal, faoi d’Hondt, Aire nó Airí a bheith acu ar an Choiste Feidhmiúcháin, tá cead acu roghnú gan dul isteach ann agus Freasúra Oifigiúil a fhoirmiú. Tá an Freasúra Oifigiúil i dteideal taighde a dhéanamh agus cuidiú airgeadais a fháil, tá cearta breise cainte agus ceistithe acu i gcruinnithe iomlánacha agus tá an ceart acu cinneadh a dhéanamh ar ghnó an Tionóil ar 10 lá iomlánacha sa bhliain. Páirtithe beaga eile nach bhfuil sa Choiste Feidhmiúcháin, déanann siadsan ról de ‘fhreasúra neamhoifigiúil’.

Iarrthóirí

Is daoine iad seo atá ag seasamh i dtoghchán.

Ionadaíocht a dhéanamh

A bheith ag gníomhú ar son duine. Tá daonlathas ionadaíoch againn sa lá atá inniu ann, rud a chiallaíonn go ndéanann muid daoine a thoghadh lenár gcuid tuairimí a chur in iúl agus le dlíthe agus cinntí a dhéanamh ar ár son. Déanann CTRanna ionadaíocht dá gcuid toghthóirí - na daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar inar toghadh iad.

Ionadaithe Tofa

Cé go bhfuil daonlathas againn sa lá atá inniu ann, ní thig linn go léir bheith páirteach i ngach cinneadh a dhéanann rialtas. Mar sin de, toghann muid ionadaithe lenár ndearcthaí a chur san áireamh agus le cinntí a dhéanamh ar ár son. Is daonlathas ionadaíoch é an cineál seo rialtais.

Leasuithe

Thig le hAirí, Coistí agus CTRanna athruithe ar Bhille, darb ainm ‘leasuithe’ a mholadh, a chuirfidh feabhas air dar leo. Déantar díospóireacht fúthu i Seomra an Tionóil. Ansin caitheann CTRanna Vótaí ar cé acu ba chóir dóibh nó nár chóir dóibh an Bille a leasú.

Náisiúnaí

Is daoine iad Náisiúnaithe ar mian leo go mbeadh Tuaisceart Éireann athaontaithe le Poblacht na hÉireann.

Na Trioblóidí

An tréimhse foréigin i dTuaisceart Éireann a thosaigh ag deireadh na 1960idí agus a chríochnaigh le Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta in 1998.

Nithe Cineachta/Aistrithe

I ndiaidh Chomhaontú 1998, rinne Rialtas an RA déabhlóid ar an chumhacht (thug an chumhacht) do Thionól Thuaisceart Éireann le dlíthe a dhéanamh i réimsí áirithe rialtais, amhail talmhaíocht agus iompar poiblí. Tugtar cúrsaí ‘cineachta’ nó cúrsaí ‘aistrithe’ ar na réimsí seo.

Páipéar Ballóide

Seo an píosa páipéir a úsáideann daoine le Vótaí a chaitheamh i dtoghchán. Tá ainmneacha na nIarrthóirí ann i liosta (agus/nó Páirtithe Polaitíochta). I dtoghcháin don Tionól , úsáideann vótálaithe uimhreacha le hiarrthóirí a chur in ord tosaíochta: 1, 2, 3, etc.

Páirtí Polaitíochta

Is grúpa daoine é seo a bhfuil tuairimí comhchosúla acu faoin dóigh ar chóir tír/réigiún a reáchtáil. Déanann páirtithe polaitíochta iarracht baill a thoghadh le go mbeadh a oiread sin cumhachta agus is féidir acu le dul i bhfeidhm ar chinntí agus dlíthe an rialtais.

Parlaimint na hEorpa

Toghann daoine sna tíortha seo Feisirí Pharlaimint na hEorpa – FPEanna – le dlíthe a dhéanamh ar chóir do gach ballstát iad a chomhlíonadh.

Parlaimint an RA

Is í seo Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí. Tagann sí le chéile ag Westminster, Londain. Déanann Parlaimint an RA dlíthe ar mhórcheisteanna a théann i bhfeidhm ar an RA ina iomláine.

Poiblí

An pobal go léir.

Polaiteoirí

Is daoine iad seo a toghadh nó atá ag iarraidh bheith tofa don rialtas.

Ranna Rialtais

Bíonn siad faoi cheannas Airí agus cuireann Ranna Rialtais seirbhísí poiblí ar fáil dúinn, amhail bóithre agus ospidéil. Cinntíonn siad fosta go gcuirtear dlíthe a ritheann an Tionól, i bhfeidhm.

Reachtaíocht

Is focal eile é reachtaíocht ar dhlí nó dlíthe. Is Tionól Reachtaíochta é an Tionól, rud a chiallaíonn go ndéanann sé dlíthe. Is rialacha iad dlíthe a rialaíonn cad é is féidir le daoine a dhéanamh nó gan a dhéanamh. Déanann an Tionól dlíthe ar chúrsaí áitiúla i dTuaisceart Éireann - ar a dtugtar ‘cúrsaí aistrithe’ nó ‘cúrsaí déabhlóidithe (cineachta)’. Déanann Parlaimint an RA in Westminster dlíthe ar chúrsaí a bhaineann leis an RA ina iomláine - ar a dtugtar ‘cúrsaí eiscthe’.

Reachtaíocht

A bhaineann le dlíthe agus reachtóireacht. Tugtar ‘reachtais’ ar fhorais déanta dlíthe, amhail an Tionól.

Rialtas

Tá rialtas tíre déanta d’fhoras déanta dlí, darb ainm reachtas, mar aon le feidhmeannas, a chuireann seirbhísí poiblí ar fáil agus a chinntíonn go gcuirtear dlíthe i bhfeidhm. Tagraíonn an téarma ‘Rialtas’ (le ceannlitir ‘R’) don fheidhmeannas, mar shampla an Chomh-Aireacht atá faoi cheannas an Phríomh-Aire i Londain, nó an Coiste Feidhmiúcháin i dTuaisceart Éireann.

Rialtas an RA

Is é seo Príomh-Aire an RA agus na hAirí atá i gceannas ar an Rialtas i Londain. Tugtar ‘an Chomh-aireacht’ air fosta agus tagann sé le chéile ag 10 Sráid Downing, Londain.

Seirbhísí Poiblí

Is seirbhísí iad seo atá uainn go léir agus a chuireann an rialtas ar fáil, mar shampla ospidéil, scoileanna, bóithre agus seirbhísí uisce.

Seomra an Tionóil

Tionól Thuaisceart Éireann – grúpa de 90 Comhalta den Tionól Reachtach (CTRanna) a thogh muintir Thuaisceart Éireann. Tá an chumhacht ag an Tionól dlíthe a dhéanamh agus a athrú ar mhórcheisteanna áitiúla i dTuaisceart Éireann.

Seomra an Tionóil

Is seomra é seo i bhFoirgnimh na Parlaiminte áit a mbuaileann CTRanna le chéile ar an Luan agus ar an Mháirt. Déanann siad díospóireacht faoi mhórcheisteanna, caitheann siad vótaí ar dhlíthe nua agus cuireann siad ceisteanna ar Airí atá i gceannas ar Ranna Rialtais. Tugtar Cruinnithe Iomlánacha ar na cruinnithe.

Tionól Thuaisceart Éireann

Is grúpa é seo de 90 CTR, nó Comhaltaí den Tionól Reachtach a thogh muintir Thuaisceart Éireann. Tá an chumhacht acu dlíthe a dhéanamh agus a athrú ar mhórcheisteanna áitiúla i dTuaisceart Éireann.

Toghadh

I dtoghchán, toghann (roghnaíonn) vótálaithe an t-iarrthóir (na hiarrthóirí) is fearr leo nó an páirtí polaitíochta is fearr leo le dul isteach i rialtas agus dlíthe agus cinntí a dhéanamh ar a son. Déanann iad siúd a toghadh ionadaíocht do na ndaoine sa toghcheantar acu.

Toghchán

Is vótáil phoiblí é toghchán. Roghnaíonn daoine iad siúd a dhéanfaidh ionadaíocht dóibh sa rialtas agus a dhéanfaidh cinntí/dlíthe ar a son.

Toghchán tobann

Toghchán a ghlaoitear níos luaithe ná mar a raibh coinne leis. I ndiaidh éirí as oifig Martin McGuinness mar leas-Phríomh-Aire ar an 9 Eanáir 2016 agus an dóigh ar dhiúltaigh Sinn Féin athainmniú taobh istigh de sheachtain, ghlaoigh an Rúnaí Stáit go mbeadh toghchán ann ar an 2 Márta 2017, gan ach 10 mí i ndiaidh thoghchán Bhealtaine 2016. Ní raibh an chéad toghchán eile sceidealaithe le bheith ann go dtí Bealtaine 2021.

Toghcheantar

Is é is toghcheantar ann, limistéar tíreolaíoch de Thuaisceart Éireann a thoghann cúig CTR ar Thionól Thuaisceart Éireann. Toghann gach toghcheantar Feisire Parlaiminte (MP) amháin go dtí Westminster. Tá 18 dtoghcheantar i dTuaisceart Éireann.

Tosca geilleagracha

A bhaineann leis an gheilleagar - trádáil, tionsclaíocht agus airgead

Vótáil

Rogha a dhéanamh nó tuairim a chur in iúl. I dtoghchán, is ionann vótáil agus an tosaíocht atá agat a chur in iúl maidir le hiarrthóir nó iarrthóirí.

Vótálaithe

Is daoine iad seo a chaitheann vóta, nó a bhfuil an ceart acu le vóta a chaitheamh i dtoghchán. Caitheann siad vóta trí rogha a dhéanamh orthu siúd ar mian leo go ndéanfaidh siad ionadaíocht dóibh sa rialtas.

Westminster

Is é seo Pálás Westminster i Londain, an áit a bhfuil dhá Theach Rialtas an RA lonnaithe: Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí. Tugtar ‘Parlaimint Westminster’ uaireanta ar Rialtas an RA.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk