Cuairt Oraibh – taobh amuigh d’Fhoirgnimh na Parlaiminte
Cé gur cuireadh ár gcuairteanna for-rochtana ar fionraí de dheasca Covid-19, is féidir leat seisiún fíorúil a chur in áirithe le hOifigeach Oideachais. Iarrtar ort ríomhphost a chur chugainn ag education.service@niassembly.gov.uk nó scairt a chur ar 028 90521833.
Tuigeann muid nach féidir le gach scoil cuairt a thabhairt ar Fhoirgnimh na Parlaiminte. Is féidir, mar sin féin, páirt a ghlacadh sa chlár Cuairt Oraibh agus an Tionól a thabhairt go dtí an seomra ranga.
Tiocfaidh muid chugaibh ar scoil nó chuig grúpa áit ar bith i dTuaisceart Éireann agus déanfaidh muid cur i láthair idirghníomhach agus seisiún gníomhaíochtaí. Tá an cur i láthair agus na gníomhaíochtaí curtha le chéile againn le cuidiú le daltaí ról an Tionóil a thuiscint agus chun iad a spreagadh lena gcuid tuairimí a nochtadh.
Tá an clár Cuairt Oraibh ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna, d’eagraíochtaí oideachasúla eile agus do ghrúpaí óige. Cuirfidh muid an clár in oiriúint le riar ar riachtanais ar leith an ghrúpa.
Tig linn cuireadh a thabhairt do na CTRanna áitiúla a bheith i láthair ag na seisiúin seo le bheith ag obair leis na daltaí agus le ceisteanna ar bith atá acu a fhreagairt.
Seo thíos ráitis ó mhúinteoirí faoin chlár Cuairt Oraibh
‘Chuir na daltaí suim ann agus cuireadh an clár i láthair ar bhealach gairmiúil agus siamsúil’
‘Iontach úsáideach do chlár saoránachta na ndaltaí’
‘Modhanna spraíúla teagaisc agus foghlaim den chéad scoth’
‘Is smaoineamh thar a bheith maith é Cuairt Oraibh do scoileanna beaga faoin tuath cosúil linne’
Clár Cuairt Oraibh a chur in áirithe
Gabh i dteagmháil linn ar an ghuthán nó ar an ríomhphost:
028 90 521896 nó 028 90 521833
education.service@niassembly.gov.uk
Imeachtaí Bímis ag Caint (ar fionraí faoi láthair)
Coinnigh súil ar an áit seo le sonraí a fháil d’imeachtaí atá ar an bhealach...
Tá imeachtaí painéil ‘Bíodh muid ag Caint’ le CTRanna á reáchtáil ag an tSeirbhís Oideachais ó 2013.
Is iad aidhmeanna na n-imeachtaí ná:
- rannpháirtíocht a mhéadú idir Comhaltaí agus daoine óga; agus
- deis a thabhairt do dhaoine óga bheith páirteach sa phróiseas dhaonlathach.
Cuirfidh an cathaoirleach ceisteanna ar an phainéal d’ionadaithe polaitiúla agus beidh an lucht féachana ábalta bheith páirteach sa díospóireacht an t-am ar fad le teicneolaíocht freagartha lucht féachana. Is deis iontach é seo do dhaoine óga, daoine a bheidh ag vótáil den chéad uair i dtoghcháin an Tionóil an chéad uair eile, le ceisteanna a chur a mheasann siad atá ábhartha dóibhsean féin. Tá súil againn go mbeidh an t-imeacht seo úsáideach ag daltaí Iar-16 de gach réimse ábhar.
Clár
10.00-10.30 - Teacht agus Clárú
10.30-12.00 - Painéal C&F le CTRanna
12.00-1.00 pm - Lón pacáilte agus Críoch
Is féidir le scoileanna suas le 15 daltaí a chur ann agus dáilfear na háiteanna ar bhonn tús freastail ar an iarratas is túisce. Cuir ríomhphost chuig education.service@niassembly.gov.uk nó cuir glaoch ar 02890 521833.
Dátaí:
Imeachtaí Gairmiúla Foghlama do Mhuinteoirí
Eagraíonn an tSeirbhís Oideachais trí imeacht ghairmiúla fhoghlama i bhFoirgnimh na Parlaiminte gach bliain.
Beidh na himeachtaí don bhliain acadúil 2019-20 ar siúl ar na dátaí seo a leanas:
A/AS-Leibhéal agus GCSE Rialtas agus Polaitíocht |
Dé Máirt 8 Deireadh Fómhair 2019 |
EC3&4 Saoránacht/Foghlaim don tSaol agus don Obair |
Dé hAoine 6 Nollaig 2019 |
EC2 Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint |
Curtha ar athlá mar gheall ar an Choróinvíreas |
Bíonn an tSeirbhís Oideachais ag tacú le múinteoirí an curaclam a sholáthar i réimse ábhar, lena n-áirítear Rialtas agus Polaitíocht, Foghlaim don tSaol agus don Obair agus Stair. Ar fud na bliana acadúla, reáchtálann sí roinnt comhdhálacha do mhúinteoirí i bhFoirgnimh na Parlaiminte. Faoi láthair, mar gheall ar shrianta COVID-19, tá an méid a chuireann an tSeirbhís Oideachais ar fáil do mhúinteoirí curtha in oiriúint againn agus rinneadh cainteanna le haoichainteoirí a thaifeadadh agus iad a chur suas ar líne. Na cainteanna a taifeadadh go dtí seo, tá siad ar fáil anois ar ár nGailearaí Físeán.
Oiliúint Mhúinteoirí i do Scoilse (ar fionraí faoi láthair)
Déanann an tSeirbhís Oideachais 4 lá d’Oiliúint Mhúinteoirí in aghaidh na bliana a reáchtáil i bhFoirgnimh na Parlaiminte agus, cé go mbíonn an t-aiseolas ó na himeachtaí sin thar a bheith dearfach, tuigtear dúinn gur minic é bheith deacair ar mhúinteoirí freastal ar laethanta oiliúna den chineál seo.
Tá clár Oiliúint do Mhúinteoirí sna Scoileanna ar fáil anois ón tSeirbhís Oideachais do gach bunscoil agus iar-bhunscoil i dTuaisceart Éireann.
Tá na seisiúin oiliúna dírithe sa chéad áit ar mhúinteoirí dhaltaí Eochairchéimeanna 2, 3 agus 4 ach, chomh maith leis sin, cuireann muid oiliúint ar fáil do ghrúpaí d’ábhair mhúinteoirí ar chúrsa PGCE nó ar chláir chéime B.Ed. atá ag déanamh staidéir ar an tsaoránacht, ar an pholaitíocht nó ar Fhorbairt Phearsanta agus Comhthuiscint mar chuid dá gcúrsa oiliúna.
Tá an bhéim sna seisiúin ar fhaisnéis agus áiseanna a chur ar fáil le tacú le teagasc faoi obair an Tionóil iná n-áirítear modhanna praiticiúla a bhaineann le foghlaim ghníomhach, rannpháirtíocht agus suim a chothú.
- Thig le scoileanna rogha a dhéanamh idir seisiún aon uair an chloig sa tráthnóna nó seisiún níos faide a mhairfidh leathlá. Is féidir an oiliúint a chur in oiriúint ach sin a iarraidh.
- Beidh Oifigeach Oideachais i gceannas ar gach ceardlann. Is múinteoirí cáilithe iad seo go léir a bhfuil réimse saineolais acu.
- Is féidir seisiúin a reáchtáil le grúpaí múinteoirí taobh istigh de scoil/coláiste aonair nó le grúpaí de scoileanna taobh istigh de phobal foghlama ceantair (ALC).
- B’fhéidir gur mhaith le scoileanna cláir Cuairt Oraibh do dhaltaí a chur in áirithe ar an lá chéanna.
Le seisiún oiliúna a chur in áirithe don fhoireann scoile nó le tuilleadh eolais a fháil:
Gabh i dteagmháil linn ar an ghuthán nó ar an ríomhphost:
028 90 521896 nó 028 90 521833