1922
Tús le Tógáil
Rith rialtas na Breataine dlí le Tuaisceart Éireann a bhunú. Thug sé cumhacht do Thuaisceart Éireann a dhlíthe féin a dhéanamh trí rialtas nua a bhí lonnaithe i mBéal Feirste. Thosaigh obair ar Eastát Stormont. Bhí áit á tógáil acu a dtiocfadh leis an rialtas nua teacht le chéile ann.
1932
An Tógáil Críochnaithe
Bhí ceiliúradh ann nuair a d’oscail Prionsa na Breataine Bige Foirgnimh na Parlaiminte, an t-ionad nua do Rialtas Thuaisceart Éireann. Bhí gártha molta ó na sluaite agus bhí siad ag croitheadh a hataí san aer nuair a bhain sé an foirgneamh críochnaithe amach.
1939
An Dara Cogadh Domhanda
Cuireadh péint déanta as aoileach bó agus as tarra ar an fhoirgneamh bhán lena chur i bhfolach ó bhuamadóirí na Gearmáine san oíche. Ghlac sé seacht mbliana leis an fhoirgneamh a ghlanadh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Tá rian na péinte le feiceáil go fóill inniu! Ó 1941, d’úsáid an tAerfhórsa Ríoga (RAF) Seomra an tSeanaid i bhFoirgnimh na Parlaiminte mar bhunáit, rud a mhéadaigh an baol go ndéanfaí ionsaí air.
1969
Na Trioblóidí
Chuaigh a lán náisiúnaithe ar mhórshiúlta cionn is gur mhothaigh siad nach raibh Rialtas Thuaisceart Éireann ag caitheamh go cothrom leo. Gan mhoill, bhí círéibeacha ann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe mar thoradh ar mhórshiúlta. D’éirigh an comhrac marfach i rith an tsamhraidh in 1969, nuair a scaoileadh daoine agus maraíodh iad. Bhí tréimhse fhada foréigin ann as sin amach ar a dtugtar ‘Na Trioblóidí’.
1972
Stormont Curtha ar Fionraí
De réir mar a chuaigh na Trioblóidí in olcas, shocraigh rialtas na Breataine nach raibh an rialtas ag Stormont ábalta déileáil leis an ghéarchéim. Chuir rialtas na Breataine Stormont ar fionraí. D'fhág sin gur i Londain seachas i mBéal Feirste a rinneadh na cinntí faoi Thuaisceart Éireann. Thosaigh daoine a dhéanamh iarrachta rialtas cumhachtroinnte a bhunú.
1994
Sos Lámhaigh
Thóg sé chóir a bheith tríocha bliain le deireadh a chur leis na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann. D’fhógair an tIRA sos lámhaigh ar an 31 Lúnasa 1994. D’fhógair na dílseoirí sos lámhaigh ar an 13 Deireadh Fómhair 1994. Bhí próiseas na síochána ar siúl.
1995
Dóiteán i Seomra an Tionóil
Scrios dóiteán Seomra an Tionóil i bhFoirgnimh na Parlaiminte. Fadhb leictreach ba chúis leis an tine. Rinne daoine iarracht mhór an Seomra a athchóiriú le go mbeadh sé mar a bhí sé. Chosain an t-athchóiriú na milliúin punt. Cuireadh áiléir bhreise phoiblí isteach.
1998
Tionól Thuaisceart Éireann
Labhair Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann agus an chuid is mó de na páirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann faoi na heasaontais a bhí eatarthu. I ndiaidh idirbheartaíocht a bhí casta fada, d’aontaigh siad a bheith ag obair le chéile. Cuireadh rialtas cumhachtroinnte ar bun mar gheall ar Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta – Tionól Thuaisceart Éireann.