Múinteoirí

Tá an suíomh gréasáin seo dírithe ar dhaltaí ó Eochairchéim 2 go dtí Iar-16. Beidh na gníomhaíochtaí agus an t-eolas atá ar an suíomh gréasáin ina gcuidiú ag na daltaí agus iad ag iarraidh tuiscint a fháil:

  • ar an dóigh a ndéantar Tuaisceart Éireann a rialú;
  • ar an obair a bhíonn ar siúl ag an Tionól;
  • ar an dóigh a ndéanann an Tionól cinntí; agus
  • ar an dóigh a dtig le daoine óga a bheith páirteach ann.

Tacaíonn an suíomh gréasáin seo le cuspóirí Churaclam Thuaisceart Éireann agus é mar aidhm againn daltaí a fhorbairt mar rannpháirtithe sa tsochaí. Tugann comhthéacs Thionól Thuaisceart Éireann deis do na daltaí gnéithe tábhachtacha den churaclam a fhiosrú - Saoránacht Áitiúil agus Dhomhanda, Infhostaitheacht, Comhthuiscint, Feasacht ar na Meáin, agus Feasacht Eacnamaíoch, mar shampla.

Tá nótaí teagaisc scríofa againn do gach gníomhaíocht ar líne. Cuideoidh sin leat ábhar an tsuímh ghréasáin a nascadh le do chuid pleananna ceachta agus scéimeanna oibre. Tá Gníomhaíochtaí Tosaigh agus Gníomhaíochtaí Eile molta sna nótaí agus nasc acu le riachtanais Churaclam Thuaisceart Éireann. Leagtar béim fosta ar dheiseanna a chur ar fáil leis na Scileanna Traschuraclaim agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt.

Ba mhór againn foirm aiseolais a fháil uait faoin dóigh ar bhain tú úsáid as an tsuíomh gréasáin sa seomra ranga.

Cuirtear eolas breise ar fáil sna naisc thíos maidir leis an dóigh a nascann na gníomhaíochtaí ar an tsuíomh gréasáin leis an churaclam.

Oiliúint do Mhúinteoirí sna Scoileanna

Tá clár ‘Oiliúint do Mhúinteoirí sna Scoileanna’ ar fáil anois ón tSeirbhís Oideachais do gach bunscoil agus iar-bhunscoil i dTuaisceart Éireann.

Áirithintí agus fiosrúcháin

Seirbhís Oideachais,
Tionól TÉ,
Foirgnimh na Parlaiminte,
Baile Lios na Scáth,
Stormont,
Béal Feirste
BT4 3XX

028 90 521833 nó 028 90 521896

education.service@niassembly.gov.uk